Méid an Téacs

A thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach

Eanáir 28, 2016

Tá nach mór a thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach ná mar atá i gcás scoileanna eile na tíre.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá 29% den 187 Gaelscoil agus Gaelcholáiste sa Stát ag brath ar chóiríocht shealadach, i gcomparáid le 11.5% de scoileanna eile na tíre.

Is Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí iad 4.6% den 4,009 scoil sa Stát.

468 scoil ar fad atá ag brath ar chóiríocht shealadach agus is Gaelscoil nó Gaelcholáiste 54 de na scoileanna sin.

Dúirt urlabhraí ón eagraíocht Gaelscoileanna Teo le Tuairisc.ie gur cheart tabhairt faoi chóiríocht bhuan a chur ar fáil láithreach do na scoileanna Gaeilge a bhfuil a leithéid ag teastáil dóibh agus gur cheart tosú láithreach ar scoileanna nua Gaeilge a thógáil chomh maith.

Dúirt an t-urlabhraí, áfach, gur údar dóchais don eagraíocht líon na scoileanna Gaeilge a luadh i bplean caipitil na Roinne Oideachais a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Tá méadú tagtha le cúig bliana anuas ar an maoiniú caipitil atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do Ghaelscoileanna.
€23.6 milliún a cuireadh ar fáil do Ghaelscoileanna i 2011 agus €33.6 milliún a cuireadh ar fáil do bhunscoileanna Gaeilge i 2015.

www.tuairisc.ie