Méid an Téacs

Acmhainn Oideachais do Mhic Léinn A Leibhéil Seolta

Deireadh Fómhair 4, 2010

Sheol an tAire Oideachais do Thuaisceart Éireann, Caitríona Ruane acmhainn eolais  bunaithe ar an dráma Breithiúnas le Máiréad Ní Ghráda,  a bheidh ina chabhair do mhic léinn A Leibhéil as seo amach.

Bhí an tAire i láthair ag ócáid a reáchtáladh in Ardscoil Naomh Doiminic i mBéal Feirste ar an 28 Meán Fómhair.

Ba é Pobal, scátheagras phobal na Gaeilge a chur na nótaí staidéir i dtoll a chéile  agus a chur ar fáil i bhfoirm CD-ROM iad tar éis don eagraíocht ceardlanna a thabhairt do dhaltaí scoile ar an ábhar.

Tá géarghá le hacmhainní Oideachais atá in oiriúint do churaclam na scrúduithe dar le hAndrea Ní Uiginn, múinteoir Gaeilge, ”Is dúshlán mór do dhaltaí A2 í an litríocht agus, ar an drochuair, tá easpa áiseanna amuigh ansin le cuidiú leo.”

“Tabharfaidh an pacáiste seo deis iontach dúinn príomhghnéithe an dráma a phlé agus is cinnte go mbeidh áis mar seo ina bhuntáiste mhór ag daltaí agus múinteoirí.”

Chuir Séamas Mac Annaidh, an t-úrscéalaí comhairle ar Phobal maidir leis an téacs agus ghlac sé páirt lárnach sna ceardlanna a reáchtáladh sna scoileanna.

Anuas air sin, tá réamhrá le garmhac an scríbhneora, an Dochtúir Éamon Ó Ciosáin, léachtóir in Ollscoil na hÉireann Mhaigh Nuad atá ina shaineolaí ar shaothair agus ar shaol Ní Ghráda.

Tá ráite ag POBAL go gcuirfear an pacáiste eolais ar aghaidh chuig gach scoil ina bhfuil Breithiúnas ar an gcuraclam.