Méid an Téacs

Ag tógáil an Ghaeloideachais i dTír Eoghain

Lúnasa 7, 2012

Cuireadh críoch chroíúil le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain na bliana seo le dinnéar speisialta agus Céilí Mór in Óstán an Europa, Béal Feirste, Dé Sathairn seo caite. Mar is iondúil, chomhoibrigh an Scoil agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta le chéile ar an oíche le hairgead a bhailiú le haghaidh an Ghaeloideachais. I mbliana chuaigh an t-airgead a cruinníodh i dtreo na scoile nua-bhunaithe, Gaelscoil na Deirge, i gContae Thír Eoghain. Anseo tugann an Cathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí na scoile, Maolíosa McHugh, cuntas ar scéal Ghaelscoil na Deirge go dtí seo agus ar thábhacht an airgid seo don tionscadal.

Is scoil úr-bhunaithe í Gaelscoil na Deirge, atá suite taobh amuigh de Chaisleán na Deirge in iarthar Thír Eoghain.

Mar an gcéanna le Gaelscoileanna eile nach bhfuil aitheanta go hiomlán ag an Roinn Oideachais go fóill, tá an scoil ag teacht i dtír ar iarrachtaí leanúnacha tógála airgid agus ar fhláithiúlacht mhuintir na háite.

Tá fréamhacha na scoile nua le fáil i Naíscoil na Deirge, a bunaíodh sa bhliain 2008 le deis a thabhairt do thuismitheoirí áitiúla an Gaeloideachas a roghnú dá bpáistí.

Tá, ar an mheán, 12 dalta ag freastal ar an naíscoil gach bliain ó shin agus dá mbeadh oideachas bunscoile ar fáil i nGaeilge sa cheantar, ghlacfadh thart ar sheisear an rogha sin in aghaidh na bliana.

Is dá bharr sin a bhunaigh muid coiste ar leith a raibh sé de sprioc aige bunscoil Ghaeilge a bhunú, rud a chuirfeadh le hoideachas na bpáistí agus a chuideodh go mór le clárú na naíscoile.

I ndiaidh plé áirithe ar an cheist, cinneadh go rachfaí ar aghaidh le bunú bunscoile i nGleann na Deirge agus thoiligh an scoil áitiúil Bhéarla, San Proinsias Assisi, seomra sealadach a ligean ar cíos do Bhunscoil na Deirge.

Cuireadh tús le hagallaimh ina dhiaidh sin agus tá áthas orainn a rá go bhfuil múinteoir anois ceaptha, Treasa Ní Duibhinne a bhí i gceannas roimhe seo ar Naíscoil na gCrann ar an Ómaigh.

Tá obair dhíograiseach curtha isteach ag an Bhord Gobharnóirí le hairgead a bhailiú don scoil úr agus cé go dtuigeann muid an dúshlán atá romhainn, tá muid in ann aige.

I mí Feabhra na bliana seo chuir an coiste tús le crannchur a meastar go gcruinneoidh leath na gcostas don bhliain amach romhainn agus le cuidiú Iontaobhas na Gaelscolaíochta, agus an ócáid mhór ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtáin, tá súil againn go mbeidh muid in ann an chuid eile a thabhairt isteach.

Tá tábhacht mhór ag baint leis an oideachas trí mheán na Gaeilge i saol agus i dtodhchaí ár náisiúin, agus géarghá le maoiniú a thógáil d’earnáil na Gaelscolaíochta ar fud na tíre.

Tá muid an-bhuíoch mar sin de gach duine agus grúpa a thacaigh linn go dtí seo.

Ina measc sin tá oibrithe deonacha ár gcoiste, Iontabhas na Gaelscoileachta, Comhairle na Gaelscoileachta, Gaelphobal An tSratha Báin, Bord Gobharnóirí San Proinsias Assisi agus an tAthar Ó Dochartaigh as an socrú ar leith a rinne siad le haghaidh láthair na scoile, agus ar ndóigh tá buíochas ag dul do na daoine sin ar fad a thug airgead dúinn ag an deireadh seachtaine agus ag ócáidí eile i linn na bliana.

Tá muid ag súil go mór leis an obair, agus toradh a fheiceáil ar an obair sin, sa tréimhse amach romhainn.

Tús maith, leath na hoibre.

Maolíosa McHugh, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil na Deirge

meoneile.ie