Méid an Téacs

Ag tógáil clainne

Márta 14, 2012

Thógamar le Gaeilge iad (Coiscéim) is ainm do leabhar nua a chuir an léachtóir Brian Ó Broin in eagar.

Is é atá sa leabhar cnuasach aistí le scríbhneoirí éagsúla a chuireann síos ar na deacrachtaí, dúshláin agus buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge in Éirinn agus thar sáile.

Bíodh is go bhfuil deacrachtaí ann, “tuar dóchais” a thugann Ó Broin ar an leabhar nó tá cainteoirí ag teacht chun cinn i gceantair uirbeacha – gan mórán tacaíochta a fháil ó na húdaráis.

Dúirt Ó Broin, atá ina léachtóir sna Stáit Aontaithe, go raibh an eagraíocht Comhluadar ag freastal ar bhreis agus 650 teaghlach a bhí ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge; cúpla scor a bhí i gceist nuair a bunaíodh an t-eagras den chéad uair sna 1990í.

Léiríonn an leabhar go bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga theaghlaigh in Éirinn agus thar lear. Ach bhí eagla ar thuismitheoirí go raibh a gcuid páistí ag foghlaim droch-Ghaeilge agus go raibh drochthionchar ag scoileanna ar a gcuid Gaeilge. Bhí cuid acu imníoch faoi rogha dheimhneach a dhéanamh den Ghaeilge fosta. Bhí mórán foghlaimeoirí ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus creideann Ó Broin gur féidir le páistí Gaeilge a thógáil “gan dua” ach an cur chuige ceart a aimsiú.

SEOLFAR Thógamar le Gaeilge iad i gCeannáras Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, seachtain ón lá amárach ag 6pm.

IRISH TIMES