Méid an Téacs

Agóid náisiúnta ar chás na scoileanna beaga

Feabhra 21, 2012

Beidh na mílte ag bailiú le chéile ar fud na tíre an tseachtain seo in aghaidh na gciorruithe a beartaíodh maidir leis na scoileanna beaga sa Bhuiséid ag deireadh 2012.

Tá dhá lá ágóide náisiúnta eagraithe ag na heagraíochtaí scoileanna éagsúla  don tseachtain seo.

Baileoidh muintir na scoileanna DEIS le chéile taobh amuigh den Dáil ag 3.30pm ar an Déardaoin, 23 Feabhra.  Táthar ag súil le slua mór sa phríomhchathair ar an lá céanna a dtiocfaidh grúpaí eile le chéile ar son na cúise in áiteanna eile ar fud na tíre ina bhfuil scoileanna DEIS.

Titfidh an dara lá agóide amach ar an Satharn, 25 Feabhra agus is iad an feachtas Save Our Small Schools agus craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann a bheidh ina bhun.  Bunaíodh craobhacha Save Our Small Schools ar fud na tíre le déanaí agus beifear ag siúl le chéile ar an Satharn i gCiarraí, sa Chlár, i bPort Láirge, i nDún na nGall agus i nGaillimh.  Táthar ag súil le 150 scoil agus 3000 duine i gCaisleán an Bharraigh ar an lá, áit a siúlfaidh an slua chuig oifig Dáilcheantar an Taoisigh lena míshásacht a léiriú.

Beidh craobhacha éagsúla de Chumann Múinteoirí Éireann ag mórshiúl ar an 25 Feabhra agus Craobh an Earagail, Gaoth Dobhair ina measc.  Tiocfaidh siad le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag 12pm agus iarrtar ar phobal na scoile uile – an Bord Bainistíochta, tuismitheoirí agus an fhoireann – tacú leo ar an lá.

De réir na cáinaisnéise a fógraíodh mí na Nollag seo caite, ardóidh líon na ngasúr is gá do scoil le ceithre mhúinteoir a bheith acu ó 81 go dtí 83.  Ardóidh líon na ngasúr i scoileanna Gaeltachta ó 76 go 86 faoin mbliain 2014, rud a chiallaíonn go mbeadh ardú de deich bpáiste ag teastáil chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.

GAELPORT