Méid an Téacs

Aighneacht ón ngrúpa Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara á scrúdú ag an Roinn Oideachais

Nollaig 15, 2015

Tá aighneacht ón ngrúpa Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara á scrúdú faoi láthair ag an Roinn Oideachais.

Is mar thoradh ar chruinniú ar an meánscolaíocht lán-Ghaeilge i gConamara a d’eagraigh an grúpa an mhí seo caite a cuireadh an aighneacht i dtoll a chéile.

I ráiteas a d’eisigh an grúpa ar maidin, dúradh go raibh moltaí san aighneacht gur “trí Ghaeilge go hiomlán” a d’fheidhmeodh an iar-bhunscoil Ghaeltachta agus go mbeadh “an Ghaeilge á teagasc mar an chéad teanga”.

Baineann an aighneacht go háirithe le dréachtpholasaí nua Gaeltachta na Roinne Oideachais agus curaclam Gaeilge an Teastais Shóisearaigh.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, tá plé á dhéanamh faoi láthair ar dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Teastas Sóisearach ó Mheán Fómhair 2017 – ceann acu a bheadh dírithe ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá moltaí san aighneacht chomh maith a bhaineann leis an tumoideachas, le hoiliúint múinteoirí, agus le tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí “lena chur ar a gcumas an cúrsa iomlán iar-bhunoideachais a leanacht trí Ghaeilge”.

Roimh an gcruinniú a d’eagraigh Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara an mhí seo caite, bhí go leor cainte ann faoi thuairiscí go raibh an grúpa nua ag éileamh go mbunófaí scoil sa Ghaeltacht nua ar chuma an Ghaelcholáiste.

Ag an gcruinniú féin, moladh gur chóir don ghrúpa oibre díriú ar na meánscoileanna atá ar an bhfód cheana i nGaeltacht Chonamara.

Tá sé ráite ag an Roinn Oideachais go mbeidh polasaí ar an oideachas Gaeltachta á fhoilsiú acu in earrach na bliana nua agus tá ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’ ag súil go mbeidh an polasaí sin bunaithe ar chritéir teangeolaíochta seachas ar chritéir tíreolaíochta.

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais do choiste Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara go bhfuil a gcuid moltaí á scrúdú faoi láthair.

I mí na Bealtaine seo caite, sheol an Roinn Oideachais dréachtpholasaí oideachais nua don Ghaeltacht.

www.tuairisc.ie