Aire Oideachais DUP ar cuairt go Coláiste Feirste
Meitheamh 9, 2016
Thug an tAire Oideachais úr, Peter Weir ón DUP, cuairt ar Choláiste Feirste le hamharc ar thógáil na scoile úire, gan é fiú coicís i mbun a chúraimí nua. Tionscadal tógála ar luach £11.5 milliún atá i gceist le foirgneamh úr Choláiste Feirste.
Tharraingt an DUP racht feirge i measc Gaeilgeoirí roimh an toghchán nuair a gheall siad a bheith níos déine ar mhaoiniú na Gaelscolaíochta.
Bhí Meon Eile i láthair le linn na cuairte, labhair muid leis an Aire Weir faoin tógáil úr agus faoi thosaíochtaí s’aige dá thréimhse aireachta…
Físeán: http://www.meoneile.ie/ailt/aire-oideachais-dup-ar-cuairt-go-col%C3%A1iste-feirste#.V1k4brsrIdU