Méid an Téacs

Airgead le sábháil? Glac é ó na Gaeil arís

Márta 12, 2014

Agus Seachtain na Gaeilge in ard a réime, tá cúis úr cheiliúrtha aimsithe agam do Ghaeil na hÉireann.

Is cosúil gur sinne is tréine atá ag ciorrú agus ag gearradh i ré na déine. Tá páistí ag déanamh Rith 2014 ó Bhaile Bhuirne go Béal Feirste — 750 ciliméadar — agus ‘ fhad is atá siad ag rith tá sceanairt á déanamh ar eagraíochtaí agus irisí ar nós Nós, Beo, Feasta agus An tUltach ( ar dheis) ar mhaithe le pinginí a shábháil don ‘ré úr’ a bhreac le déanaí don teanga. Agus na daltaí scoile seo ag iompar lóchrann an dóchais ó cheann ceann na tíre, tá gortghlanadh gan réamhshampla á dhéanamh ar thírdhreach na teanga agus, dar liomsa, níl an ghaoth ag séideadh chomh fuar ná chomh neamhthrócaireach céanna in aon réimse eile den tsochaí.

Creidim féin go bhfuil na húdaráis sásta go maith nach mbeidh an scéal seo i mbéal an phobail. Tá’s acu gur beag suim atá ag na meáin Bhéarla i scannal i saol na Gaeilge, seachas ceann faoin chostas ar cháipéis nár léadh i mBéarla a aistriú go Gaeilge. Go minic ní bhíonn ach maoiniú suarach i gceist. Tá tábhacht shiombalach leis, áfach. Léiríonn sé meon maistíneachta an mhaoinitheora. An dream is lú is túisce a mhothóidh an bhuatais throm ar a mhuineál. Luaim sa chomhthéacs seo an maoiniú €16,000 in aghaidh na bliana atá á bhaint de An tUltach. Is beag an méid é seo le tacú le hiris mhíosúil a sheas an fód ar feadh 90 bliain le linn cogaí agus géarchéimeanna eacnamaíochta a choimeád beo do na páistí atá ag déanamh Rith 2014. Seasann an cinneadh seo amach mar an ciorrú is suaraí agus is tréasúla ar fad.

Níl sé maith a dhóthain, dar liom, d’Fhoras na Gaeilge a fhógairt go mbeidh scéim eile ann ‘ar ball’ chun cuireadh a thabhairt do ghrúpaí nua irisí eile a bhunú. Má tá dáta cinnte ann do dheireadh an mhaoinithe do An tUltach agus eile, agus tá — 30 Meitheamh 2014 — ba cheart go mbeadh scéim nua réidh le teacht ina áit agus irisí nua réidh le teacht ar an margadh ar 1 Iúil 2014. Agus níl. Mura bhfuil seo in áit, léiríonn sé mí-éifeacht an mhaoinitheora. Ní mór a mheabhrú gurb é ár gcuid airgid atá á dháileadh ag Foras na Gaeilge, seachas a gcuid maoine féin. An bhliain seo caite chinn an Foras deireadh a chur le maoiniú Gaelscéal agus níl nuachtán Gaeilge maoinithe againn ó dheireadh mhí Feabhra 2013. Ní raibh ‘ plean B’ an Fhorais réidh agus plean ‘A’ á chur ó mhaith ag an institiúid teanga trasteorann. Seo patrún fadbhunaithe ag Foras na Gaeilge — tharla sé leis an tSamhail Nua Mhaoinithe, Scéim na nOifigeach Forbartha Pobal, na hirisí, na nuachtáin agus eile. Deineann siad cinneadh fáil réidh le rud amháin ach ní bhíonn a mhalairt réidh le dul ar an margadh. Líontar bearnaí fada le socruithe sealadacha nó le folúis fholmha. Ní bheadh sé maith a dhóthain in aon réimse eile den saol poiblí agus níor cheart go mbeadh sé maith a ói réimse na Gaeilge/na Gaeltachta.

Mar sin, is dócha go bhfuil cúis cheiliúrtha ag Gaeil na hÉireann le linn Sheachtain na Gaeilge 2014. Is sinne is tréine ag feidhmiú na déine.

www.independent.ie