Méid an Téacs

An bua ag Coláiste Feirste san Ardchúirt

Deireadh Fómhair 26, 2011

Tá ráite ag Aire Oideachais an Tuaiscirt, John  O’Dowd go bhfuil sé ag meabhrú na n-impleachtaí a bhaineann le breithiúnas  a tugadh san Ardchúirt i mBéal Feirste inné maidir le seirbhís bus scoile a chur ar fáil do scoláirí Choláiste Feirste i mBéal Feirste.

Dúirt sé go raibh sé ag meabhrú na n-impleachtaí suntasacha a bheadh i gceist do bheartas na Roinne i leith an chórais taistil agus an soláthar atá a dhéanamh do  ghaelscoileanna agus gaelcholáistí ó thuaidh.

Rinneadh athbhreithniú breithiúnach san Ardchúirt  ar cinneadh na Roinne gan bus scoile a chur ar fáil do dhaltaí a fhreastalaíonn ar Choláiste Feirste agus glacadh cinneadh i bhfabhar bhord ghobharnóirí na scoile.

Sa bhreithiúnas a tugadh inné, dúirt an Breitheamh Treacy go ndearna an Roinn faillí  i gcomhlíonadh an dualgais atá air an ghaelscolaíocht a chur chun cinn faoin reachtaíocht agus  faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

In ainneoin go gcuirtear busanna ar fáil do dhaltaí a bhíonn ag taisteal  go dtí scoileanna i gceantair eile ó Dhún Phádraig agus  Iúr Chinn Trá, dhiúltaigh an Roinn bus a chur ar fáil  do dhaltaí Choláiste Feirste.