Méid an Téacs

An Fóram Comhpháirtíochta tagtha le chéile

Márta 21, 2014

Amhras faoi neamhspleáchas na gCeanneagraíochtaí faoi struchtúr úr na bhFóram

Fógraíodh mí Eanáir toradh an phróisis chuíchóirithe i dtaca leis na heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá sé cheanneagraíocht roghnaithe, agus beidh na heagrais eile fágtha gan mhaoiniú ón 30 Meitheamh 2014.

Faoin gcóras nua, tá dhá fhóram nua bunaithe, Fóram Comhpháirtíochta uile oileáin agus Fóram Forbartha Teanga comhdhéanta de ghrúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Tionóladh an chéad chruinniú den Fhóram Comhpháirtíochta ar Dé Céadaoin, 19 Márta 2014, áit ar tháinig ceannasaithe Cheanneagraíochtaí na Gaeilge, i gcuideachta le feidhmeannaigh shinsearacha de chuid Fhoras na Gaeilge le chéile.

Bunaíodh an Fóram Comhpháirtíochta de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge. Beidh an Fóram ag aontú plean straitéiseach don earnáil agus pleananna a chéile agus ag cinntiú go mbeidh na ceanneagraíochtaí ag obair go dlúth as lámha a chéile leis an chuid is fearr a dhéanamh don teanga.

Cé go bhfuil ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh gach ceann de na 6 cheanneagraíocht “ag leanúint de bheith ag feidhmiú ar bhonn neamhspleách, agus iad freagrach go hiomlán as a mór-réimse”, tá ceisteanna ardaithe maidir le neamhspléachas na gceanneagras ón maoinitheoir, Foras na Gaeilge, atá i bhfeighil ar an bhFóram Comhpháirtíochta.

Dúirt Foras na Gaeilge go mbeidh cruinnithe eile den Fhóram Comhpháirtíochta le heagrú sna seachtainí romhainn agus beidh fáil ar chomhairle ó shaineolaithe sa phleanáil teanga agus sa phleanáil straitéiseach le linn na gcruinnithe “lena chinntiú go mbeidh pleananna na mór-réimsí don am atá le teacht ag teacht le prionsabail an dea-chleachtais”.

Foilsithe ar Gaelport.com