Méid an Téacs

An Ghaeilge faoi chaibidil i gCorcaigh

Meán Fómhair 6, 2011

Ar cheann de phríomhspriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go dtí 250,000, ach cé mhéad díobh siúd a bheidh lonnaithe i gCathair Chorcaí?

Déanfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár poiblí i gCathair na Reibiliúnach a reáchtáil i dtreo dheireadh na míosa, chun pobal na cathrach a chur ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, agus chun plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach.

“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar an tsraith seimineár seo, agus is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.

Labhróidh aoichainteoir áitiúil, ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, faoin dea-chleachtas pleanála teanga i gceantar uirbeach, agus tabharfaidh ionadaí ón  Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gnóthaí Gaeltachta léargas ar na riachtanais pleanála teanga sa cheantar áitiúil, mar a shonraítear iad faoin Straitéis.

Pléifidh Liam Ó Rinn, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG), agus Jerry Ahern, Cathaoirleach Chraobh Niall Uí Chathasaigh de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ), na bealaí ar féidir leis an CLG agus CCÉ an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar.

Mar aon leis na haoichainteoirí thuas, beidh ionadaithe ón gComhairle Cathrach agus ón gComhairle Contae, chomh maith le hionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge atá an-ghníomhach sa cheantar ar nós Gael-Taca agus Cumann na bhFiann ag tabhairt léargais faoina gcláir oibre féin ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge i gCathair agus i gContae Chorcaí sna blianta romhainn.  Tabharfar léargas ar na tionscadail atá á bhforbairt cheana féin chun cabhrú i dtreo ghealltanais na Straitéise a chomhlíonadh.

Ag caint faoin seimineár, deir Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Is í aidhm an tseimineáir phoiblí ná eolas faoi dheiseanna cur chun cinn na Gaeilge faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar bhonn comhtháite a scaipeadh ar mhuintir an cheantair d’fhonn gréasáin Gaeltachta láidre a bhunú agus a fhorbairt”.

Ionas go mbainfear spriocanna na Straitéise amach, is cinnte gur gá go leor daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge.  Cuirfear fáilte roimh chách chuig an seimineár seo, más duine thú gan oiread is focal Gaeilge, nó más duine thú a raibh
Gaeilge agat ar scoil, nó gur mhaith leat Gaeilge a mhúineadh do do chlann, cuirfear fearadh na fáilte roimh gach uile duine chuig an seimineár, agus reáchtálfar an seimineár go hiomlán dátheangach chun an freastal is fearr a dhéanamh ar líon is mó daoine.

Tá cead isteach chuig an seimineár saor in aisce, ach iarrtar ar dhaoine clárú roimh ré trí do chuid sonraí teagmhála a chur ar fáil do Chillian de Búrca, cillian@comhdhail.ie.

Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna freisin, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i  nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.

©Foilsithe ar Gaelport.com 06 Méan Fómhair 2011