Méid an Téacs

An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha

Meán Fómhair 14, 2011

Ar cheann de phríomhspriocanna na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go dtí 250,000, ach cé mhéad díobh siúd a bheidh lonnaithe i do cheantar-sa?

“An Ghaeilge i do Cheantar: Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” an teideal atá ar shraith seimineár atá á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is ar 28 Meán Fómhair 2011, a reáchtálfar an chéad seimineár sa tsraith, i nGaelcholáiste Choilm i mBaile an Chollaigh ó 6.30pm-9pm.  Le linn an tseimineáir, cuirfear an pobal ar an eolas faoi spriocanna na Straitéise, d’fhonn plean gnímh a chur le chéile i gcomhar le muintir na háite, chun na spriocanna sin a bhaint amach ina gceantar féin. Reáchtálfar dhá sheimineár den chineál céanna i mí na Samhna freisin, i gcroílár Chathair Luimnigh in Óstán an Strand Dé Luain, 21 Samhain agus an tseachtain chéanna reáchtálfar seimineár in Óstán na Páirce i  nDún Garbhán, Co. Phort Láirge Dé Céadaoin 23 Samhain.

Tuilleadh eolais: www.gaelport.com nó 01 6794780

Foinse – Nuacht na hEarnála