Méid an Téacs

An Roinn Oideachais á tabhairt chun na hArd-Chúirte ag Scoil Lorcáin faoi choinníoll iontrála Gaeilge

Bealtaine 18, 2016

Tá an Roinn Oideachais á tabhairt os comhair na hArd-Chúirte ag Gaelscoil aitheanta agus athbhreithniú breithiúnach ceadaithe do bhord bainistíochta na scoile sin maidir leis an gcoinníoll Gaeilge ina bpolasaí iontrála.

Tá Scoil Lorcáin, Baile na Manach, Baile Átha Cliath, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, ag tabhairt dúshlán Ard-Chúirte faoi sheasamh na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile diúltú do dhalta de réir a bpolasaí iontrála.

Tugann an polasaí sin tús áite do dhaltaí as teaghlaigh gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu, nó “páistí atáthar á dtógáil le Gaeilge”.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbaineann an cás seo le tuismitheoir a dhein achomharc faoi chinneadh na scoile gan glacadh lena pháiste.

Ba faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998 a dhein an tuismitheoir an t-achomharc le hArd-Rúnaí na Roinne Oideachais. Ghlac an Roinn Oideachais leis an achomharc agus tugadh treoir do Scoil Lorcáin an dalta a chur ar rolla na scoile don scoilbhliain seo chugainn.

Ba ina dhiaidh sin a shocraigh an scoil dúshlán na Roinne a thabhairt sna cúirteanna agus ceadaíodh Dé Céadaoin seo caite an t-athbhreithniú breithiúnach i dtaobh chinneadh na Roinne.

Luafar an cás arís san Ard-Chúirt Dé Céadaoin seo chugainn.

 

www.tuairisc.ie