An tÁisaonad
Meitheamh 26, 2012
Bhí mé i mBéal Feirste an tseachtain seo agus bhuail mé isteach san Áisaonad.
Bunaíodh an tÁisaonad i1998 le háiseanna oideachais (áiseanna ilmheán chomh maith le háiseanna clóbhuailte) a sholáthar d’earnáil na Gaelscolaíochta, ar chomhchaighdeán agus ar chomhphraghas lena gcomhionann i mBéarla.
Tá an tÁisaonad lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Tá ceathrar d’fhoireann lánaimseartha san aonad, Gabhan Ó Dochartaigh ina measc.
As Doire é: d’fhreastail sé Coláiste Cholm Cille. Fuair sé an chéad áit i dTuaisceart Éireann i GCSE Gaeilge agus fuair sé an dara háit san A Leibhéal dhá bhliain níos moille.(Bhí drochlá aige an lá sin.) Fuair sé céim agus iarchéim sa Ghaeilge ina dhiaidh sin. Chaith sé roinnt blianta ag teagasc sula bhfuair sé post mar eagarthóir san Áisaonad. Múinteoir agus scoláire den scoth atá ann.
Tá Coiste Comhairliúcháin ag an Áisaonad a dhéanann monatóireacht ar a gcuid tionscadal agus tá fócusghrúpaí múinteoirí acu a bhíonn rannpháirteach i roghnú ábhar. Bíonn racháirt ollmhór ar fud na tíre ar an ábhar a chuireann siad amach. Cé go bhfuil obair an Áisaonaid dírithe ar Ghaelscoileanna, ó scéim léitheoireachta iontach do bhunscoileanna go hábhar tarraingteach do dhaltaí meánscoile, bheadh cuid mhaith dá ábhar an-úsáideach do scoil ar bith agus d’fhoghlaimeoirí fásta. Chomh maith leis na foilseacháin, cuireann an tÁisaonad áiseanna ar fáil ar a shuíomh idirlín agus cuireann an fhoireann tacaíocht agus oiliúint ar fáil do scoileanna maidir le dea-úsáid a gcuid áiseanna. Tuilleadh eolais: http://www.aisaonad.org.
www.derryjournal.com