Méid an Téacs

Athrú don Ghaeilge i gcritéir nua

Lúnasa 12, 2010

Tá leasú suntasach ar an gcóras chun aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua dara leibhéal fógartha ag an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan TD.

Tá sé beartaithe ag an tAire Grúpa Comhairleach um Pátrúnacht Dara Leibhéal a bhunú, chun machnamh a dhéanamh ar na hiarratais, agus chun comhairle a sholáthar don Tánaiste, tar éis don ghrúpa suirbhé a chur i gcrích faoi thuairimí na dtuismitheoirí agus na critéir nua atá le leagan síos á n-úsáid.

Tá tuartha go mbeidh méadú de 67,000 dalta breise sa chóras oideachas meánscoile faoin mbliain 2024, agus is in oirthear na tíre is mó atá an méadú seo tuartha.
Tá na critéir mhionsonraithe fós le socrú, ach tá tugtha le fios ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go ndéanfar soláthar do dhaltaí ar mhiste leo a gcuid oideachas a fháil trí Ghaeilge, trí Aonad Gaeilge a bhunú laistigh den scoil, i gceantair nach bhfuil dóthain daltaí do Ghaelscoil dara leibhéal.

Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
11 Lúnasa 2010