Méid an Téacs

‘Beidh iar-bhunscoil Ghaeilge lasmuigh de Bhéal Feirste’ – An tAire O’ Dowd

Samhain 5, 2014

Tá Aire Oideachais Thuaisceart Éireann, John O’Dowd (SF), sásta go bhfuil an chreatlach ann le hiar-bhunscoil lán-Ghaeilge a fhorbairt taobh amuigh de Bhéal Feirste.

Faoi láthair, níl ann ach iar-bhunscoil lán-Ghaeilge amháin sna sé chontae agus trí ‘shruth Gaeilge’ i scoileanna Béarla a mhúineann an curculam nó cuid de trí mheán na Gaeilge.

Dúirt an tAire inniu go gcreideann sé gur cheart díriú ar réitigh phraiticiúla a leagadh amach chun go gcuirfí leis na deiseanna ar oideachas lán-Ghaeilge ó thuaidh.

Bhunaigh an tAire O’Dowd coiste comhairleach anuraidh le breathnú ar fhorbairt agus ar réitigh phraiticúla ar féidir iad a chur i gcrích go héasca chun go mbeadh teacht níos leithne ar an oideachas lán-Ghaeilge.

Chuir an coiste sin, a raibh Helen Ó Murchú ina cathaoirleach air, tuarascáil ar an ábhar faoi bhráid an Aire. Trí moladh is tríocha a bhí sa tuarascáil, agus iad bunaithe ar an méid seo a leanas:

• na hathruithe a theastaíonn le haghaidh cur chuige straitéiseach don phleanáil d’oideachas lán-Ghaeilge;
• bealaí forbartha ar leibhéal iar-bhunscoile
• sraith moltaí a chealódh na constaicí roimh fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge ag an leibhéal iar-bhunscoile.

Thug an tAire O’Dowd a fhreagra ar an tuarascáil i dTionól Thuaisceart Éireann inniu.

“Gabhaim buíochas leiss an meitheal oibre as a dtuarascáil agus creidim go bhfuil creatlach polasaithe inti le haghaidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil do pháistí. Is maith liom an bhéim atá sa tuarascáil ar réiteach praiticiúil a fháil ar an gceist agus ar mholtaí is féidir a chur i bhfeidhm sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma,” a dúirt sé.

Scéal ó Tuairisc.ie