Méid an Téacs

Bua mór do Ghaelscoileanna

Eanáir 28, 2010

Is ábhar cheiliúradh agus faoiseamh é do Ghaelscoileanna na tíre, agus pobal na Gaeilge trí chéile, cinneadh an Aire Oideachais ciorclán a chuireadh bac ar  chumas na scoileanna an luath-thumoideachais a chleachtadh a tharraing siar.

Ghlac an Roinn an cinneadh seo i ndiaidh tréimhse dianstocaireachta ó ghluaiseacht na Gaeilge, agus ach go háirithe i gcomhthéacs cás a bhí le teacht ós comhar na hArd-Chúirte an tseachtain seo. Is iad Gaelscoileanna Mhic Easmuin, Trá Lí, Ghaelscoil Nás na Rí, Co. Chill Dara agus an Foras Pátrúnachta a thóg an cás in aghaidh na Roinne agus san idirbheartaíocht a bhain leis an gcás thoiligh an Roinn costais cúirte na grúpaí seo a ghlanadh.
Tá súil ag Gaelscoileanna na tíre anois go dtabharfaidh an Roinn aghaidh ar na fadhbanna atá ag na scoileanna agus tacaíocht a thabhairt dóibh cur leis an gcóras luath-thumoideachais, córas atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar dhea-chleachtas i leith múineadh teangacha agus go deimhin maidir le cúrsaí oideachais trí chéile.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
28 Eanáir 2010