Méid an Téacs

BUAITEOIRÍ LEABHAR NA BLIANA 2014

Samhain 17, 2014

BUAITEOIRÍ LEABHAR NA BLIANA 2014 AITHEANTA AG ÓCÁID MHÓRTHAIBHSEACH I mBÉAL FEIRSTE

• BHAIN TADHG Ó DÚSHLÁINE GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN DÁ LEABHAR ‘ANAMLÓN BLIANA Ó DHIALANNA AN RÍORDÁNAIGH’ (CLÓ IAR-CHONNACHT)

• BHAIN ÁINE NÍ GHLINN GRADAM RÉICS CARLÓ DÁ LEABHAR ‘DAIDEO’(COIS LIFE)

Bhí oíche den scoth i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Céadaoin (12 Samhain) nuair a tháinig beirt Airí rialtais, grúpa ildánach d’aisteoirí óga ó Choláiste Feirste,agus cuideachta iontach le cheile d’ócáid ceolmhar spreagúil ag ar bronnadh dhá ghradam Leabhar na Bliana 2014.

Chuir an Cheathrú Ghaeltachta fáilte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe roimh Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh TD, agus Aire Cultúir, Carál Ni Chuilín CTR.

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin don leabhar is fearr do dhaoine fásta ar Anamlón Bliana ó dhialanna an Ríordánaigh curtha in eagar ag Tadhg Ó Dúshláine agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. Tugann an leabhar seo léargas iontach dúinn ar intinn chráite an fhile, Seán Ó Riordáin, fríd na dialanna a choinnigh sé ó 1940 go dtí go bhfuair sé bás i 1977.

Is léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad é Tadhg, a bhfuil cuid mhór scríofa aige ar litríocht na Gaeilge chomh maith le gearrscéalta agus dánta i nGaeilge agus i mBéarla.

Ba é Daideo le hÁine Ní Ghlinn a bhain amach Gradam Réics Carló, an duais mhór do leabhair do dhaoine óga. Cois Life a d’fhoilsigh. Insíonn an leabhar seo scéal buachaill ar a theitheadh óna thuismitheoirí agus seanduine ar a theitheadh óna pháistí! Tá leagan fuaime den leabhar ar fáil ar shuíomh an fhoilsitheora, saor in aisce agus an t-údar féin le cloisteáil ag léamh an leabhair. Is léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine a bhfuil dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga.

Is comórtas liteartha ar leith é Leabhar na Bliana a thugann aitheantas faoi leith don tsárobair atá ar siúl ag foilsitheoirí na Gaeilge agus ag an am céanna a aithníonn ról tábhachtach na scríbhneoirí agus na n-ealaíontóirí sa phróiseas,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Agus é ag tréaslú le buaiteoirí na bliana seo, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh an fhoilsitheoireacht Ghaeilge mar chuid den fheachtas sochaí cruthaitheach agus nuálach a chruthú.

“Léiríonn na 10 leabhar a bhí ar ghearrliosta na bliana seo an dóigh a mbíonn idir scríbhneoirí, mhaisitheoirí agus fhoilsitheoirí ag teacht le chéile lena scileanna agus a smaointe ceannródaíocha a roinnt chun leabhair áille a chruthú.

“Tá feabhas a saothair á aithint ar fud na cruinne agus ba cheart dúinn uilig bheith bródúil as sin,” ar sé.

Dúirt Susan Waring, Ceann na Drámaíochta i gColáiste Feirste “Thug sé seo deis iontach do na daltaí dul i ngleic le litriocht na Gaeilge agus píosaí drámaíochta a chruthú as an spreagadh cruthaitheachta a bhain siad as.”

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:

Robert McMillen: Comhrá Media
07463664435