Méid an Téacs

Buntáiste Breise na Gaeilge faoi chaibidil i mBéal Feirste

Deireadh Fómhair 11, 2010

Ar Déardaoin na seachtaine seo caite, reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge i mBéal Feirste i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Is i gColáiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste a bhí an seimineár ar siúl, agus bhí scoileanna ó gach cearn de Thuaisceart Éireann i láthair don seimineár eolais, agus don Aonach Oibre a bhí eagraithe ag Forbairt Feirste.

Labhair an t-iriseoir agus an craoltóir, Tomaí Ó Conghaile faoi na deiseanna éagsúla a fuair sé le linn a shaol ó Gaeilge a bheith ar a thoil aige.  Phléigh Ursula Uí Dhonnaile na buntáistí acadúla agus gairmiúla breise a thug an Ghaeilge di ina saol agus í anois ina Oifigeach Gaeilge le Comhairle na Coirre Críochaí agus le Comhairle Dhún Geanainn.   Luaigh Ursula freisin gur thug an Ghaeilge buntáiste pearsanta di, ó tharla nach mbeadh sí pósta lena grá geal murach an Ghaeilge!

Bhí peileadóir Thir Eoghain, Conall Ó Máirtín i láthair freisin, a labhair ar a phost mar mhúinteoir meánscoile dara leibhéal i gColáiste Chaitríona Ard Mhacha.  Is é Teicneolaíocht an Eolais an t-ábhar is mó a bhíonn á múineadh ag Conall, agus is trí Ghaeilge a bhíonn sé ag teagasc.

Rinneadh plé freisin le linn an tseimineáir ar na deiseanna oideachais agus cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Beidh an chéad seimineár eile de chuid Bhuntáiste Breise na Gaeilge á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge amárach i Leitir Ceanainn, agus reáchtálfar an seimineár spreagúil, spleodrach seo i mBaile Átha Cliath ar an 4 Samhain agus ar an Tulach Mhór ar an 18 Samhain.  Chun do scoil a chlárú do na hócáidí seo, déan teagmháil le Brígíd, ag 01 679 4780.