Méid an Téacs

Cabhair ar fáil le Gaeilge na hArdteiste ó Institiúid Oideachais Marino leis an gclár nua “Jamie”

Feabhra 13, 2015

I lár Mhí Eanáir beidh “Jamie” á sheoladh ag Institiúid Oideachais Marino– tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le daltaí Ardteiste pointí agus grád a bhaint amach sa Ghaeilge a chabhróidh leo áit a bhaint amach ar chláir fhochéime in IOM (Institiúid Oideachais Marino).

Seasann Jamie do “Jump-start at Marino Institute of Education” agus tugann sé noda staidéir do dhaltaí tús maith a chur lena n-ullmhúchán don Ardteist. Is éard atá in Jamie ná sraith de ghearrthóga fístéipe a chuirfear ar ár gcainéal Youtube Jamie a bhfuil sé mar aidhm aige daltaí a chur ar an mbóthar ceart le Gaeilge na hArdteiste. Beidh a áit féin aige freisin ar shuíomh idirlín IOM le hábhar tacaíochta do dhaltaí: www.mie.ie/jamie. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce do dhaltaí a d’fhéadfadh teacht chugainn, a spreagadh leanúint ar aghaidh lena gcuid staidéir in IOM.

Tá físeán Jamie le feiceáil anseo: http://youtu.be/3Lx-VTOsWvk