Méid an Téacs

Campa Samhraidh 2013 i gCeatharlach

Iúil 23, 2013

Reachtáladh Campa Samhraidh trí Ghaeilge an tseachtain seo caite oiriúnach do pháistí ó seacht mbliana go haon bhliain déag d’aois.

Eagraithe ag Glór Cheatharlach, bhí an campa lonnaithe i nGaelscoil Cheatharlach. Chlúdaigh an táille €50 na himeachtaí uile.

Is campa ilghnéitheach é an campa samhraidh agus is gné an-tarraingteach é seo mar baineann na páistí an-taitneamh as éagsúlacht na n-imeachtaí a bhíonn ar chlár na seachtaine.

I measc na ngníomhaíochtaí i mbliana bhí cluichí agus spórt, ealaín, corpoideachas agus céilithe chomh maith le cuairteanna chuig Gairdíní Céadfaíocha in Ionad Delta. Bhí turas go Cill Chainnigh acu le haghaidh seisiún snámha sa Watershed chomh maith le picnic agus spraoi i bPáirc an Chaisleáin.

Chuir Glór Cheatharlach an-fháilte roimh na ceannairí a thug seachtain dá saoire suas chun na himeachtaí a eagrú do na páistí óga.  Bhí na páistí céanna béasach, dea-mhúinte agus rannpháirteach ins na himeachtaí uile.

Seachtain lán de ghníomhaíochtaí agus imeachtaí, lán de spiorad agus spraoi. Bhí an-spórt ag na páistí agus bhaineadar an-taitneamh go deo as an seachtain a chaitheamh le chéile trí Ghaeilge ag cruthú go ngabhann spraoi le foghlaim na teanga.

Is cinnte go mbeidh siad ar ais ag lorg níos mó fós an samhradh seo chugainn.

www.carlow-nationalist.ie