Clár Nua Náisiúnta Ardoideachais i gcomhair Comhordaitheoirí Cuimsithe i Suíomhanna Luathbhlianta lena chur i bhfeidhm i mbliana – See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasraitis-2016/PR16-04-06.html#sthash.CbXI9yeH.dpuf
Aibreán 13, 2016
Tá an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an tAire Oideachais agus Scileanna tar éis conradh a bhronnadh chun clár mór nua ardoideachais a chur ar fáil a bheidh ceaptha chun oideachas agus oiliúint a sholáthar sa dea-chleachtas maidir le páistí atá faoi mhíchumas a chuimsiú sa réamhscoil. Is maith leis na hAirí a fhógairt go bhfuil cuibhreannas roghnaithe arna stiúradh ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Froebel in Ollscoil Mhá Nuad agus le Luath-óige Éireann, chun an Clár nua náisiúnta Ardoideachais i gcomhair Comhordaitheoirí Cuimsithe i Suíomhanna Luathbhlianta a sheachadadh.
Dámhachtain chun críche speisialta is ea an clár náisiúnta i gcomhair cleachtóirí luathbhlianta faoina gcáileoidh suas go dtí 900 cleachtóir luathbhlianta gach bliain, agus cáilíocht acu chun a ról nua a ghlacadh mar Chomhordaitheoirí Cuimsithe i Suíomhanna Cúraim agus Oideachais Luathbhlianta. Beidh ráta níos airde caipitíochta iníoctha i leith gach aon pháiste i suíomh luathbhlianta ar bith a bhfuil Comhordaitheoir Cuimsithe fostaithe ann. Tionscnamh is ea é i measc raon leathan tionscnamh atá á gcur ar bun faoi shamhail nua de thacaíochtaí chun cur ar chumas páistí faoi mhíchumas freastal ar an gclár réamhscoile saoire (ar a dtugtar freisin ‘Clár Cúraim agus Oideachais na Luath-óige’) agus páirt iomlán a ghlacadh ann. Lainseáil an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an Dr James Reilly, mar aon leis an Aire Oideachais agus Scileanna Jan O’Sullivan agus Kathleen Lynch, Aire Stáit ag an Roinn Sláinte, a bhfuil an míchumas i measc a cuid freagrachtaí.
Tá forbairt agus dearadh na dámhachtana nua ardoideachais á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna as ciste na gcuntas díomhaoin. D’aimsigh an tAire Reilly €15m eile d’infheistíocht chun gach eilimint den tsamhail nua a chur i bhfeidhm in 2016, agus tiocfaidh méadú ar na costais go dtí go mbeidh €40m i gceist in aghaidh na bliana iomláine faoi 2020. Dúirt an tAire Reilly:
“Tá bunús maith leis an tuairim gur luachmhar an rud é cúram agus oideachas ar ardchaighdeán le linn na luath-óige. Léirítear leis an bhfianaise idirnáisiúnta go mbíonn raon leathan sochar ann do pháistí, do theaghlaigh agus don tsochaí féin. Is mó arís an méid sochar a bhíonn ann i gcás páistí faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, is mian liom go mbeadh na páistí ar fad, páistí faoi mhíchumas san áireamh, in ann páirt iomlán a ghlacadh i gClár Cúraim agus Oideachais na Luath-óige i suíomhanna príomhshrutha réamhscoile. Tá ríméad orm faoin bhfógra seo mar go gciallaíonn sé go mbeidh na céadta céimithe á n-oiliúint gach bliain chun páistí faoi mhíchumas a chumasú in earnáil na luath-óige. Bíodh is go mbeidh gá i gcónaí le sainsoláthar i dtosca áirithe agus ar chúiseanna bailí, déanfar cinnte de le fógra an lae inniu go bhfreastalóidh an líon páistí is mó is féidir ar an gClár i suíomhanna príomhshrutha.
Nuair a thugtar le chéile páistí a bhfuil cumais éagsúla acu saibhrítear a saol go léir.”
D’aontaigh an tAire O’Sullivan leis seo, agus nótáil sí go mbeidh ról tábhachtach ag an teastas nua ardoideachais náisiúnta seo i bhforbairt leanúnach an fhórsa oibre luathbhlianta. Rinne sise agus a comhghleacaí, an tAire Reilly, comhghairdeas leis na comhpháirtithe iarratasóirí ar éirigh leo:
“Táim muiníneach go gcuirfidh an cuibhreannas seo clár ar ardchaighdeán ar bun. Leis an gcomhpháirtíocht seo cuirtear le chéile an saineolas acadúil atá ag dhá roinn ardoideachais a bhfuil ardmheas orthu agus a bhfuil cruthaithe go maith acu araon san oideachas agus sa taighde ar an luath-óige. Leis an gcomhpháirtíocht le Luath-óige Éireann agus lena n-eolas fíor-luachmhar ar an earnáil agus ar na héilimh phroifisiúnta atá ar an bhfórsa oibre, is deimhin go mbeidh an cháilíocht oiriúnach don fheidhm agus ábhartha don ghairm.”
Tairgfear an clár teastais ardoideachais ar bhonn solúbtha, páirtaimseartha do 900 ball foirne in aghaidh na bliana ar bhonn cheithre bliana arna dtosú i mbliana agus fógrófar próiseas iarratais go fíor-ghairid.
www.education.ie