Méid an Téacs

Clár oibre an Rialtais

Márta 10, 2011

Tá tacaíocht geallta don Phlean Straitéise 2010 – 2030 i gClár Oibre an Rialtais nua de réir na cáipéise a foilsíodh an Domhnach seo caite, cé go bhfuil an tacaíocht seo beagáinín doiléir sa mhéid is go ndeirtear go ndéanfar seachadadh ar na spriocanna ar fad atá “indéanta”.

Ní nach ionadh, i gcomhthéacs na díospóireachta ar fad le linn an Olltoghcháin, is é cúrsaí oideachais is mó atá luaite sa chlár oibre ó thaobh na Gaeilge de, agus é ráite ann go ndéanfar athchóiriú bunúsach ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachas, le marcanna breise ag dul don scrúdú cainte. Deirtear go nglacfar céimeanna chun cur le caighean agus éifeacht múineadh na Gaeilge agus gur ag an bpointe a bhfuil na céimeanna seo á fheidhmiú a ndéanfar cinneadh faoin nGaeilge a bheith mar chroí-ábhar don Ardteist.

Ar na rudaí eile atá luaite sa cháipéis tá athbhreithniú ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge agus athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá tacaíocht geallta do chúrsaí craolacháin agus don Ghaeltacht, cé nach bhfuil aon rud sonrach luaite faoin nGaeltacht seachas go mbeidh sí in ann teacht i dtír ar an infheistíocht ghinearálta i gcúrsaí forbartha agus infreastruchtúr ar fud na tíre.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha