Méid an Téacs

Clár Sheachtain na Gaeilge ar líne

Feabhra 27, 2014

Tá teacht anois ar chlár na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge ar shuíomh idirlín Áras na nGael, www.arasnangael.ie.

Rannpháirtíocht an phobail atá mar theachtaireacht Sheachtain na Gaeilge na bliana seo agus go deimhin tugann clár na Féile deis do gach mac máthair, bíodh siad líofa nó lag sa teanga, páirt ghníomhach a bheith acu in imeachtaí na seachtaine. Deir Baba Ní Fhlatharta ó Chonradh na Gaeilge “ó thús mhí Eanáir táimid ag obair le grúpaí Gaeilge, grúpaí pobail, bunscoileanna agus meánscoileanna, cumainn tríú leibhéal, lucht gnó agus réimse leathan grúpaí eile agus daoine aonair ag ullmhú an chláir agus tá áthas orainn go bhfuil sé ar fáil anois. Tá teacht ag an domhan mór ar an gclár anois ar ár shuíomh idirlín agus freisin is féidir leis an bpobal teagmháil a dhéanamh linn ag 091 567824.”

www.advertiser.ie/galway