Méid an Téacs

Cláraigh do scoil do Bhuntáiste Breise na Gaeilge Uíbh Fhailí

Samhain 3, 2010

Ag leanúint le camchuairt Bhuntáiste Breise na Gaeilge, reáchtáiltear ócáid amárach i Halla na Saoirse, i mBaile Átha Cliath, agus ócáid ar an Tulach Mhór coicís ina dhiaidh sin, ar an 18 Samhain.  Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre.

Le linn na seimineár pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.  Go dtí seo, tá seimineáir reáchtáilte ag an gComhdháil i gCill Airne, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCorcaigh, i gCaisleán an Bharraigh, i mBéal Feirste, agus i Leitir Ceanainn.

Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí  i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

I measc na n-aoichainteoirí a labhróidh amárach i mBaile Átha Cliath beidh láithreoir spóirt RTÉ, Evanne Ní Chuilinn, fear mór ceoil TG4 Eoghan Mac Diarmada, Stiúrthóir Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, Anna Davitt, an réalta ceoil ón mbanna ‘The Frames’, Colm Mac an Iomaire, agus an aisteoir cáiliúil ó Fair City, Doireann Ní Chorragáin.

I measc na gcainteoirí a bheidh i láthair ar an Tulach Mhór, beidh iriseoir RTÉ/TG4, Irene Ní Nualláin, Oifigeach Forbartha le Comharchumann Ráth Chairn, Bríd Ní Chofaigh, láithreoir spóirt RTÉ, Evanne Ní Chuilinn, agus an múinteoir agus iománaí Thiobraid Árann, Darragh Egan.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí, rud a spreagann díospóireacht spleodrach.  

Beidh ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.

Tá na spásanna ar fad don seimineár i mBaile Átha Cliath líonta faoin am seo, ach tá roinnt spásanna ar fáil go fóill don seimineár ar an Tulach Mhór.  Má theastaíonn ó do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, bí i dteagmháil le Brígíd, ar 01 679 4780 / brighid@comhdhail.ie.