Méid an Téacs

Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mbaol a dhúnta

Eanáir 26, 2015

Bhailigh na céadta ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste Déardaoin seo caite chun tacú leis an institiúid atá i mbaol a dúnta mar gheall ar chiorruithe na Roinne Fostaíochta agus Foghlama.

Cheadaigh an tAire Stephen Ferry ó Pháirtí na Comhghuallaíochta ciorrú 30% ar luach £1.1 milliún ó bhuiséad bliantúil na hOllscoile.

“Tuigimid go bhfuil ciorruithe le déanamh agus tá muid sásta comhoibriú leis sin. Ach ní féidir linn fanacht oscailte le cailliúnt den méid seo,” arsa Dr Gabriel Nig Uidhir ó Bhainistíocht Shinsearach na hOllscoile.

“Níl rud ar bith a tharlaíonn anseo i dTuaisceart Éireann nach bhfuil baint aige leis an pholaitíocht, agus tá seo ar maos i gcúrsaí polaitíochta,” ar sise.

Cuireann Coláiste Ollscoile Naomh Muire an t-aon chéim oiliúna d’ábhar oidí Gaelscolaíochta ar fáil i dTuaisceart na hÉireann.

“Tá earnáil na Gaelscolaíochta ag bráth go mór ar na múinteoirí atá ag teacht as an choláiste seo. Tá muid ag amharc ar an todhchaí anseo,” arsa Séamus Ó Donnghaile, Príomhóide Bhunscoil Mhic Reachtain.

Dúirt an tAire Fostaíochta agus Foghlama Stephen Farry sa Tionól gur aithin sé tionchar na gciorruithe ar Choláiste Mhuire ach nárbh ionann sin agus a chlabhsúr.

Thug an tAire foláireamh leis nach bhfuil an t-infreastruchtúr reatha fóirseantach agus nach féidir leis an ‘status quo’ a leanúint.

Tá ciorruithe amhlaidh beartaithe ag an Aire ar bhuiséad Coláiste Oiliúna an tSrutháin Mhilis. Tuigtear gur comhnascadh an dá institiúid oiliúna i mBéal Feirste bunsprioc na gciorruithe.

Dhiúltaigh Páirtí na Comhghuallaíochta d’iarratas Meon Eile ar agallamh trí mhéan na Gaeilge faoin cheist in ainneoin cainteoirí líofa a bheith i measc bhaill an pháirtí.

Tá fís a chur Meon Eile le chéile le feiceáil ag an nasc seo: www.meoneile.ie