Méid an Téacs

Coláiste Samhraidh do dhéagóirí i gCeatharlach

Feabhra 19, 2013

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go n-eagrófar Coláiste Samhraidh do dhéagóirí i gCeatharlach arís an samhradh seo.
Cuirfear tús leis an gcoláiste samhraidh ar an 1ú Iúil agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí an 12ú Iúil ó 9.30-1.00 i.n. gach lá Luan go hAoine . Mar is gnáthach beidh an cúrsa coicíse lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach.Tá clárú oscailte anois agus ‘sé €200 an táille.

Beidh an coláiste samhraidh dírithe ar mhicléinn atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Cuirfear fáilte roimh dhaltaí ó rang a sé go leibhéal na ahrdteistiméireachta. Beidh ranganna agus imeachtaí an chúrsa in oiriúint do dhaltaí i rang a sé agus do mhicléinn i mbliain 1 agus 2 i ngrúpa na sóisear leis na daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear.

Chomh maith leis na ranganna foirmiúil gach lá beidh cluichí cainte, díospóireachtaí, amhránaíocht, cluichí, spórt agus damhsa ar an gclár. Cuirfear ranganna Gaeilge le meascán maith de chomhrá agus gramadach, plé agus díospóireacht in oiriúint do na daltaí. Ina theannta sin, beidh seans ag na micleinn tarraingt ar a gcuid eolais ginearálta ag tráth na gceist boird agus ar ndóigh bainfear taitneamh as na céilithe.

Is é seo an cúigiú bliain den choláiste samhraidh i mbaile Cheatharlach. Bhí rath ollmhór air anuraidh le hochtó dalta páirteach. Bhaineadar taitneamh agus tairbhe, sult agus spraoi as an gcoicís.

Beifear ag súil le héileamh mór arís i mbliana ach chun áit a chinntiú ní foláir foirm iarratais comhlánaithe maille le héarlais a bheith istigh go luath. Is féidir foirm a fháil anois ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach nó glaoch a chur ar (059) 9158105 nó (085) 1340047. Is féidir freisin ríomhphost a sheoladh chuig eolas@glorcheatharlach.ie.

www.carlow-nationalist.ie