Méid an Téacs

Comhaltaí nua bhord UnaG

Samhain 21, 2012

Tá Anna Ní Ghallchóir, Stiúrthóir Ionad na dTeangacha ar Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ceaptha ina cathaoirleach ar bhord nua Údarás na Gaeltachta, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, inné go raibh Ní Ghallachóir agus seisear eile ceaptha ar an mbord. Léiriú is ea ceapachán Ní Ghallachóir ar an ról nua atá ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an bpleanáil teanga. Beirt iarchomhaltaí ar bhord an údaráis a cheap an tAire Stáit – Fiachra Ó Céilleachair ó Phort Láirge agus Micheál Ó Scanaill ó Chorcaigh.

Cheap sé chomh maith Seán Ó Cuireán ón bhFál Carrach, dlíodóir agus bainisteoir ar ionad saorálaí Dhún na nGall; Eunan Mac Cuinneagáin, Bainisteoir Réigiúnach ar WESTBIC i gCill Charthaigh; Dairíona Nic an Iomaire, príomhoide ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach, Gaillimh agus Pádraig Ó hAinifín fear gnó ón nDaingean, Co Chiarraí.

Tá ceathrar eile ainmnithe ar an mbord nua cheana ag na comhairlí contae Gaeltachta. Ní dhaingneofar ainmniúchán Chomhairle Contae Dhún na nGall go dtí go gcríochnófar próiseas fiosrúcháin.

www.irishtimes.com