Méid an Téacs

Comhdháil ar Oideachas Gaeltachta

Meán Fómhair 6, 2011

Déanfaidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta TEO (ESG) a gComhdháil Oideachais agus a gCruinniú Cinn Bhliana a reáchtáil ar Dé Sathairn 01 Deireadh Fómhair 2011 in Óstán an Ard Oileáin i nGaillimh.

Beidh scoth na n-aoichainteoirí i láthair chun plé a dhéanamh ar ábhair thábhachtacha a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta.  I measc na gcainteanna a thabharfar ar an lá, pléifidh Deirbhile Nic Craith (INTO) na himpleachtaí fostaíochta a bhaineann le comhnascadh a dhéanamh idir scoileanna beaga.  Pléifidh Maolsheachlainn Ó Caollaí le ceist na Gaeilge san Ardteistiméireacht, agus beidh daltaí Gaeilge agus na scrúduithe stáit faoi chaibidil ag Muireann Ní Mhóráin, (COGG).

Déanfar plé freisin ar shainriachtanais oideachais, agus na saincheisteanna ar an ábhar seo, mar a bhaineann sé le scoileanna Gaeltachta.
Beidh toghchán á reáchtáil i rith an Chruinnithe Cinn Bhliana do Ghnáth Stiúrthóirí na heagraíochta agus ceapfar Coiste na nOifigeach óna stiúrthóirí sin tar éis an chéad chruinniú don bhord nuacheaptha.

Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ionadaíoch go náisiúnta ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí sna Gaeltachtaí ar fad, Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht seo oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i Scoileanna Gaeltachta.  Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil dhíreach le Treasa Ní Mhainín, oifig@esg.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com 06 Meán Fómhair 2011