Méid an Téacs

Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna 2010

Samhain 17, 2010

Beidh Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna na bliana seo ar siúl in Óstán Tullamore Court, An Tulach Mhór,  Co. Uíbh Fháilí ag an deireadh seachtaine ón 19-20 Samhain 2010. Ar na cainteoirí a bheidh ag caint ag an gcomhdháil beidh an tráchtaire raidió Mícheál Ó Muircheartaigh chomh maith leis an Aire Pat Carey TD agus is é Éamonn Murtagh, Príomhchigire Cúnta leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, a osclóidh an chomhdháil go hoifigiúil.

Le linn na Comhdhála,  beidh léachtaí éagsúla á dtabhairt mar aon le seisiún cainte.  Beidh ábhair éagsúla maidir le cúrsaí scoile agus ceisteanna reatha oideachais á bplé le linn an deireadh seachtaine chomh maith.

Beidh deis ann éisteacht le painéal saineolaithe i mbun díospóireachta faoi ról lárnach an ghaeloideachais sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus tapaigh an deis meon an Aire Carey a chloisteáil agus an Straitéis ar tí a bheith foilsithe.

Is i Gormlaith Ní Thuairisc ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ina Cathaoirleach ar an seisiún áirithe díospóireachta seo.
San iarnóin ar an Aoine cuirfear ceardlanna den scoth ar fáil ó shaineolaithe clúiteacha chun freastal ar riachtanais na scoileanna agus cuirfear idir ábhar machnaimh agus spreagtha ar fáil do chách.

Oíche Aoine le linn Fháiltiú na Comhdhála beidh an t-aoí speisialta Mícheál Ó Muircheartaigh ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann leis an ngaeloideachas.

Maidin Sathairn beidh An Dr. Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar, DCU ag tabhairt léachta maidir le ‘Tiomsú airgid agus margaíocht scoile’ Bunscoileanna & Iar-bhunscoileanna.

Beidh neart ceardlann ar úsáid na teicneolaíochta agus áiseanna eile sna scoileanna lán-Ghaeilge ar siúl agus beidh go leor seastán eolais i láthair thar an deireadh seachtaine.

Tuilleadh eolais ar fáil ar  www.gaelscoileanna.ie.