Méid an Téacs

Comhlachtaí le Gaeilge á lorg ag Conradh na Gaeilge dá eolaire Gaeilge nua

Feabhra 11, 2016

Tá teagmháil déanta ag Conradh na Gaeilge le os cionn 100 eagraíocht agus gnólacht in Éirinn agus iad ag cur a n-eolaire nua le chéile. D’fhógair an Conradh i mí na Samhna go gcuirfí eolaire de ghnólachtaí a chuireann seirbhísí as Gaeilge ar fáil don phobal le chéile agus go mbeadh an t-eolaire sin ar fáil go héasca ar líne.

Beidh an t-eolaire nua ar fáil ó mhí an Mhárta mar chuid den suíomh PEIG.ie, agus beidh fáil ar shonraí teagmhála, uaireanta oscailte agus gnó na gcomhlachtaí atá sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge air.

Tá eolairí eile curtha le chéile ag grúpaí éagsúla timpeall na tíre cheana féin, ar nós Eolaire Gaeilge Chiarraí a chuir Comhairle Contae Chiarraí ar fáil i mí na Nollag seo caite. Eolaire atá ann d’eagrais agus de ghnólachtaí ar fud Chontae Ciarraí a chuireann a gcuid seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Aithníonn Conradh na Gaeilge “na heolairí iontacha eile” seo ach maíonn an t-eagras go bhfeidhmeoidh an t-eolaire atá á fhorbairt acu féin mar “lárphointe eolais do phobal oileán na hÉireann” do sheirbhísí Gaeilge atá ar fáil i nGaeilge ar fud na tíre.

Frítheadh i suirbhé a rinne Millward-Brown do Chonradh na Gaeilge ag tús na bliana seo caite gur chreid 62% de mhuintir na hÉireann go mba cheart go mbeadh teacht ag lucht labhartha na Gaeilge ar sheirbhísí i nGaeilge. Bhí an céatadán sin níos airde i measc daoine óga, ar chreid 69% acu amhlaidh. Sa suirbhé céanna thug 50% den phobal le fios gur chreid siad gur acmhainn luachmhar í an Ghaeilge a d’fhéadfadh leas na heacnamaíochta a dhéanamh.

Agus iad ag éileamh ar ghnólachtaí ar fud na hÉireann clárú leis an eolaire nua agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, dúirt Conradh na Gaeilge go gcruthaíonn úsáid na nGaeilge “nasc coitianta idir custaiméirí agus comhlachtaí” agus go mbíonn dílseacht ar leith ag custaiméirí do chomhlachtaí mar gheall ar an nasc sin. Mhaígh an Conradh freisin go dtiocfadh ardú ar líon na gcustaiméirí a bheadh ag comhlacht a d’úsáidfeadh an Ghaeilge “mar gheall ar ardú infheictheachta i measc phobal na Gaeilge”.

Tá an Conradh ag iarraidh go mbeidh an méid is mó comhlachtaí páirteach sa togra nua agus is féidir agus iad ag iarraidh ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge cheana féin nó a d’fhéadfadh iad a chur fáil clárú leis an eolaire nua.

Is féidir clárú leis an eolaire anseo