Méid an Téacs

Comórtais Gael Linn

Aibreán 17, 2012

Bhí bua na cainte ag daltaí scoile thuaidh agus theas a ghlac páirt i gcomórtais dhíospóireachta Gael Linn le déanaí.

Agus dar le Niamh De Búrca ó Ghael Linn tá na hóráidithe óga réidh le teacht i  gcomharba  ar  Pharnell, Dhónal Ó Conaill agus ar Barack Obama fiú,  tar éis a mbua ag

Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh Gael Linn 2012 le déanaí.

Ghlac breis agus 150 foireann  ó scoileanna fud fad na tíre páirt i gcomórtas díospóireachta na bliana seo agus cuireann sé leis an sprioc atá ag Gael Linn an teanga labhartha a chur chun cinn ar fud na tíre.

Bhuaigh foireann Iar-bhunscoil Mhá Nuad, Co. Chill Dara an chraobh shinsearach  ag an gcraobh ceannais náisiúnta a reáchtáladh i bPort Laoise ar an Déardaoin, 29 Márta 2012.

Bhuaigh siad leis an gcás láidir a chruthaigh siad faoin rún, ‘Tá an teideal ‘Oileán na Naomh agus na nOllamh’ tuillte go fóill ag Éirinn!’

Chroch foireann Mheánscoil na Trócaire, Trá Lí, an Corn Sóisearach. Ba iad Liam Mac an Mhaoir, Matt Ó Donnchadha, Aingeal Ní Chonghaola, Máirín Uí Mhuirí agus Féilim Mac Donncha  a bhí ag déanamh moltóireachta sa dá chomórtas.

Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh.

Reáchtáiltear  comórtas óráidíochta poiblí sna scoileanna i gCúige Uladh chomh maith. Abair is teideal don chomórtas seo a fhreastalaíonn ar scoileanna dara leibhéal.

Reáchtáladh an chraobh i gceannáras an C.L.G. in Ard Mhacha ag Páirc Lúthchleasa Uí Mhuireagáin. Bhí Dónall Mac Giolla Chóill, Seán Ó Maoilsté agus Michelle Nic Pháidín ag moltóireacht.

I gCraobh Abair i bPáirc Lúthcleasaíochta Uí Mhuireagáin in Ard Mhaca, bronnadh an chéad áit ar an gcraobh iomlán ar Roibéard Mac Pharthaláin ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Contae Dhoire. Ba í An Ultais a bhí á plé aige ar an oíche. Mol an Óige!

GAELPORT