Méid an Téacs

Comórtas Clár Raidió Gael Linn 2011

Nollaig 7, 2010

Tá Gael linn ag glacadh le hiarratais do Chomórtas Clár Raidió Gael Linn, comórtas bliantúil a thugann aitheantas do thallann raidió úr i measc daltaí iar-bhunscoile.
Is é an 17 Nollaig, 2010  an dáta deiridh iontrála,  ach ní gá na cláir féin a  bheith istigh go dtí 11 Feabhra 2011.  Bronnfar duaiseanna ar mhic léinn a dhéanann cláir raidió Ghaeilge (Clár cainte, Irischláir, Gnéchláir etc) ar ardchaighdeán  a léiriú agus a  láithriú.

Tá an comórtas  dírithe ar mhic léinn Idirbhliana go príomha agus creidtear go bhfuil an-oiriúnach mar ábhar le haghaidh tionscnamh do na mic léinn seo.  Tá cead, áfach, ag daltaí ar bith sa scoil páirt a ghlacadh ann  agus níl aon teorainn leis an líon scoláirí ar féidir leo a bheith ag plé leis an gclár.

Cuireann daltaí , le cabhair óna gcuid múinteoirí, clár raidió ar a rogha téama le chéile, a mhaireann idir 15 agus 20 nóiméad.  Is féidir rogha cur chuige nó comhdhéanamh a úsáid – m.sh. agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile.

Tá dhá roinn sa chomórtas, roinn amháin (Roinn A)  d’iarbhunscoileanna ina ndéantar teagasc trí Ghaeilge agus an roinn eile (Roinn B) do na scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu.  Bronntar trí dhuais náisiúnta ar na trí chlár is fearr (urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ), is cuma cén roinn ina mbeidh an scoil ag iomaíocht.  Ina dhiaidh sin, bronntar trí dhuais ar na trí chlár is fearr iRoinn A agus trí dhuais ar na trí chlár is fearr i Roinn B ( urraithe ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann)

Tá gach eolas faoin gcomórtas, mar aon le foirmeacha iontrála, ar fáil  ag www.gael-linn.ie, áit gur féidir éisteacht le duaiseoirí 2010 chomh maith.  Nó déan teagmháil le Niamh de Búrca ag 01:6753303/niamh@gael-linn.ie.