Méid an Téacs

Comórtas Díospóireachta i gCeatharlach

Nollaig 6, 2010

Reachtáil Gael Linn babhta den Chomórtas Díospóireachta 2011 do Iarbhunscoileanna Lánghaeilge i nGaelcholáiste Cheatharlach an tseachtain seo caite áit ar bhailigh na foirne agus a lucht tacaíochta. Is í an phríomhaidhm atá leis an gcomórtas ná an Ghaeilge a chur chun cinn, mar aon le scileanna díospóireachta agus caint phoiblí a chothú i measc na hóige.

Le 40% de mharcanna san Ardteist ag dul don bhéaltriail amach anseo is cabhair iontach do scoláirí a bheith páirteachi i ndíospóireachtaí.

I gcomórtas na sinsear bhí foirne san iomaíocht ó Ghaelcholáistí Chill Dara, Cheatharlach, Chluain Meala agus an Inbhir Mhóir. Phlé na cainteoirí an rún tráthúil ‘Ba cheart dúinn trua a bheith againn do Brian Cowen!’ Bhí caighdeán díospóireachta na gcainteoirí uile thar barr agus bhí sé soiléir gur chaitheadar a lán ama agus stró ag ullmhú agus ag cleachtadh agus ag déanamh taighde ar an ábhar.

Bhí an plé spleodrach agus suimiúil le hargóintí i bhfábhar agus i gcoinne an rúin agus d’éirigh le dhá fhoireann dul ar aghaidh go dtí an Chraobh Réigiúnach a bheidh ar siúl i Mí Eanair. Is iad siúd Gaelcholáiste Cheatharlach agus Gaelcholáiste Chluain Meala. Déanaimid comhgháirdeachas ó chroí leo agus len a múinteoirí.

The Carlow Nationalist – Bríde de Róiste
30 Samhain 2010