Méid an Téacs

Corn Ghlór na nGael na mBuachaillí

Meitheamh 6, 2012

Tháinig an ghrian amach thar Pháirc Uí Bhriain, Éire Óg  do chomórtas Chorn Ghlór na nGael na mbuachaillí.

Ghlac foirne ó cheithre scoil mheascaithe páirt sa chomórtas Gaelscoil Cheatharlach, Beann na gCaorach, Baile Haicéad agus Gaelscoil Átha Í.  Tá an comórtas do dhaltaí i rang a cúig agus níos óige. Cabhraíonn seo le dul chun cinn scileanna na himreoirí a fhorbairt agus tugann sé stáitse dóibh gan tionchar rang a sé.

Chun an méid is mó cluichí a thabhairt do chuile dhuine d’imir gach foireann a chéile.

Thosaigh Gaelscoil Cheatharlach i stíl mórthaibhseach i gcoinne Bheann na gCaorach le Andrew Mac Eochaidh ag déanamh an damáiste ar son na Gaelscoile. Bhí an cosúlacht ar go raibh an cluiche faoi smacht ag buachaillí na Gaelscoile ach choinnigh Finbarr Ó Caomhánaigh srian ar a gcuid scóranna san céad leath. Fuair Cillain Ó Duibh cúl iontach do Bheann na gCaorach ach bhí Gaelscoil Cheatharlach ro-láidir go háirithe i lár na páirce le Hugh Ó Dubhlaoich. Críochnaigh an cluiche 0-6 go dtí 1-0.

Sa dara cluiche d’imir Gaelscoil Átha Í i gcoinne Bhaile Haicéad. Thóg sé tamall don chluiche seo teacht chun beochta gan scór ar bith suas go dtí leath ama. Bhí cuid mhaith de na seansanna ag Baile Haiceád ach bhí an cosantóir Fallou Sangre thar barr do Átha Í.

Sa dara leath tháinig Baile Haicéad amach i bhfad níos dírithe ar an gcluiche agus ghnóthaigh siad dhá chúl. Bhí Eoin Ó Broin suas agus síos an pháirc imeartha agus bhí Jack Ó Ceallaigh in ann na scóranna a thógaíl gan stró ar bith. An scór deireannach ná 2-2 go dtí 0-0. Bhí seans ag Átha Í an chéad chluiche a chur taobh thiar díobh le chluiche ar an bpointe i gcoinne Bheann na gCaorach agus thosaigh siad ar an mbealach ceart le cúl. Níorbh leor é sin áfach le himreoirí cosúil le Cathal Ó Neill ar an bpáirc agus chríochnaigh an cluiche 2-2 go dtí 1-0 i bhfábhar Bheann na gCaorach.

Le bua amháin ag trí fhoireann ansin bhí gach cluiche eile an-tábhachtach. Chuir Gaelscoil Cheatharlach  ags bean na gCaorach chun páirce agus d’úsáid buachaillí na Gaelscoile an taithí a bhí acu ag imirt i bpáirceanna Éire Óg. Chuir Tadhg Ó Ceallaigh agus Diarmaid de Rút taispeántas den scoth i láthair mar chosantóirí . Níor lig siad isteach ach pointe amháin i rith an chluiche ar fad agus is eácht mór é sin le tosaithe mar Adam Ó Duinn ag imirt do Bheann na gCaorach. Bhí Cathal Ó Móráin lán d’fhuinneamh ins na tosaithe agus chlárairigh sé cúpla scór álainn. Chríochnaigh an cluiche 2-5 go dtí 0-1 i bhfábhar na Gaelscoile.

Bhí cluiche ar ardchaighdeán ag Beann na gCaorach i gcoinne Bhaile Haicéad. Bhí Oisín agus Seán Ó Maoilmhána go hiontach do Baile Haiceád i rith an chluiche ar fad agus rinne Luke Ó Conghaile deimhin de nach bhfaighfeadh Beann na gCaorach cúl agus é idir na maidí. É sin ráite thóg buachaillí Bheann na gCaorach a bpointí agus le cabhair ó Sheán Ó Súilleabháin agus Cathal Ó Néill bhí an bua acu le 0-7 go dtí 1-2.

Bhí ar Ghaelscoil Cheatharlach dul thar Ghaelscoil Átha Í chun Corn Ghlór na Gael a bhuachaint  agus ní raibh fadhb ar bith acu. Bhuaigh siad an cluiche le stíl iontach peile agus iad ábalta an liathróid a bhogadh go han-tapaidh go dtí go raibh pas oiriúnach ar na cártaí. Thóg siad an cinneadh ceart uair i ndiaidh uaire chun scór de 3-7 a reachtáil suas. Bhí Tomás Ó Murchú lán de spiorad do Átha Í ach bhí Gaelscoil Cheatharlach ro-láidir dóibh. Chríochnaigh an cluiche ar scórlíne 3-7 go dtí 1-1 agus an trófaí ag dul 100 méadar suas an bóthar ó Éire Óg go dtí Gaelscoil Cheatharlach don dara bliain as a chéile.

Ghlac an captaen Andrew Mac Eochaidh leis an sciath agus ghabh sé buíochas leis na foirne go léir chomh maith leis na múinteoirí as páirt a ghlacadh i gcomórtas Chorn Ghlór na nGael 2012.

www.carlow-nationalist.ie