Méid an Téacs

Cruinniú Poiblí do mhná tí in ionad Naomh Pádraig, Dobhar

Lúnasa 2, 2013

Is cúis áthais dó Choiste Bainistíocht Ionad Naomh Pádraig, a fhógrú go bhfuil cainteanna déthaobhach agus pleanáil cuimsitheach ar siúl le tamall, idir Coiste Bainistíocht an Ionaid agus baill ó Chóiste Stiúrtha, Coláiste na bhFiann, a bhfuil suim láidir léirithe acu, cúrsa Gaeilge de chuid Coláiste na bhFiann a bhunú i nDobhar, le linn samhradh na bliana seo chugainn.

Tá Coláiste na bhFiann ar an t-eagraí is mó Coláistí Gaeilge in Éirinn, le corradh is leathchéad bliain de thaithí, i reáchtáil agus i soláthar cúrsaí Gaeilge do óige na tíre, bliain i ndiaidh na bliana.

Creideann muid ins an Ghaeilge, tá muinín láidir againn as an aos óg agus anuas ar seo, tá muid bródúil as ár dteanga agus as oidhreacht ársa ár sinsear. Tuigeann muid an fíor thábhacht a bhaineann le beart fiúntach a dhéanamh i leith, cothú ‘s caomhnú na Gaeilge, agus ar an bhonn sin, is mian linn tabhairt faoin dúshlán úr seo anois, lena chinntiú, go ndéanfar an aos óg a spreagadh leis an Ghaeilge a thógáil, mar aon le iad a mhúnlú, i labhairt agus i líofacht na Gaeilge.

Beidh muid ag lorg ionad lóistín do, ar a laghad céad (100) scoláirí Gaeilge, fá choinne samhradh an bliana 2014. Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do mhná tí, ar mhaith leo lóistín a chur ar fáil agus scoláirí Gaeilge a choinneáil, chuig cruinniú poiblí a bhéas ar siúl in Ionad Naomh Pádraig ar an 7ú Lúnasa ag 8.00in.

In am trátha, beidh ionadaithe ó Choláiste na bhFiann ag teacht le breis eolais a thabhairt do mhná tí, fá Choláiste na bhFiann agus an cineál struchtúr agus córas atá acu. Mas mian leat breis eolais fán forbairt úr seo atá idir lámh againn, thig leat teagmháil a dhéanamh le Máire nó Annelene, (sonraí teagmhála thíos).

www.donegaldaily.com

Foilsithe ar Gaelport.com 02 Lúnasa 2013

Donegal Daily