Méid an Téacs

Cruinniú práinne eagraithe ag Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta faoi Ghaeilge don Ardteist

Eanáir 20, 2011

Tá Conradh na Gaeilge i bpáirt le Guth na Gaeltachta ag eagrú cruinnithe phráinne maidir leis an nGaeilge a bheith mar phríomhábhar don Ardteist agus an baol atá ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011. Tá cuirí curtha chuig na páirtithe leasmhara (eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, eagraíochtaí Gaeltachta) don chruinniú seo.

Beidh an cruinniú ar siúl ar an Aoine, 21 Eanáir 2011, ag 14.00 san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh. Beidh ráiteas eisithe i ndiaidh an chruinnithe.
 
Is cinnte go bhfuil an t-ábhar seo ríthábhachtach agus go bhfuil gá le tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla ar fad a fháil le seasamh leis an nGaeilge mar phríomhábhar.
 
Cruinniú ar cuireadh a bheidh ann ar an Aoine ach beidh cruinnithe poiblí eagraithe amach anseo le deis a thabhairt don phobal tacaíocht a léiriú don fheachtas seo.