Méid an Téacs

Cuireadh chun cainte le Gaeilge 24

Deireadh Fómhair 17, 2013

Tá Bliain na Gaeilge ag cur fáilte roimh dhaltaí scoile ar fud na tíre tabhairt faoi dhúshlán mór Gaeilge Dé Céadaoin, 13 Samhain agus an Ghaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig.
Gaeilge 24 a thugtar ar an dúshlán seo, a bheidh mar cheann de phríomhimeachtaí deireanacha na féile bliana. Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge “Is é aidhm an dúshláin Gaeilge 24 ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair a’ chloig; sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó óige agus eile. Cuideoidh sé le heispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol.”

Tá an dúshlán seo oiriúnach do mhúinteoirí agus ceannairí óige atá ag iarraidh a gcuid daltaí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de. Gheobhaidh gach dalta pacáiste tacaíochta ina mbeidh t-léine, bileoga Fiche Frása agus smaointe don lá. Is dúshlán bailithe airgid é Gaeilge 24 agus beidh rogha acu urraíocht a bhailiú le cárta urraíochta nó síntiús airgid a thabhairt chun páirt a ghlacadh ann. Tabharfar gach brabús do Chiste na Teanga, chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Arsa Ní Ghairbhí: “D’eagraíomar Ceiliúradh Cainte i mí Aibreáin chun imeacht mór Gaeilge a chur chun cinn i measc scoileanna lasmuigh de Sheachtain na Gaeilge. Ghlac 20 scoil páirt sa dúshlán agus rinneadh brabús €6,000 ag an am sin agus tá súil againn cur leis sin trí bhreis scoileanna a mhealladh le páirt a ghlacadh ann agus tríd an tréimhse ama a leathnú ó 12 uair go 24 uair a’ chloig.” Dóibh siúd a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa dúshlán, is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifig Sheachtain na Gaeilge, ag 01 4757401 nó eolas@snag.ie. Tá go dtí Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair, ag scoileanna clárú don dúshlán.

www.advertiser.ie