Méid an Téacs

Cúnamh don bhéal triail

Meán Fómhair 12, 2013

Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil cúrsa do mhic léinn atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta agus atá ag iarraidh cur lena gcumas labhartha Gaeilge

Tá an cúrsa seo curtha le chéile de bharr éileamh ó thuismitheoirí agus beidh sé ag díriú ar gach gné den scrúdú béal. Ar ndóigh tá tábhacht bhreise leis an scrúdú seo anois os rud é go bhfuil 40% de na marcanna iomlán sa scrúdú ag dul don scrúdú béal.
Beidh cúrsa Chonradh na Gaeilge ar siúl gach tráthnóna Aoine in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic, ag tosú ar an 27 Meán Fómhair, ar feadh tréimhse 10 seachtain. Cuirfear béim faoi leith i gcothú muinín na mic léinn sa teanga agus cuirfear an teanga os a gcomhar mar ghnáth theanga cumarsáide.
Bainfear leas as réimse leathan uirlisí múinteoireachta agus cinnteofar freisin go mbeidh na mic léinn ag foghlaim faoi gach gné den teanga.
Is féidir clárú don chúrsa ar www.arasnangael.ie agus is féidir eolas a fháil ach glaoch a chur ar 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie.

www.advertiser.ie/galway