Méid an Téacs

Curaclam Nua Teanga Do Bhunranganna Sna Bunscoileanna

Samhain 16, 2015

Den chéad uair, cuirfidh an curaclam nua an struchtúr céanna i bhfeidhm ar an nGaeilge agus ar an mBéarla. Díreoidh sé ar scileanna i bhforbairt na teanga labhartha, na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta. Dearadh an curaclam nua le haghaidh na bpáistí óga ó na naíonáin shóisearacha go Rang a Dó.

De réir an Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, ‘’Leasú suntasach a mbeidh fáilte roimhe é seo ar conas a fhoghlaimíonn na daltaí is óige a gcuid scileanna teanga. Den chéad uair, ní bheidh idirdhealú ann sa chur chuige idir Teagaisc na Gaeilge agus an Bhéarla. Tá torthaí foghlama soiléire agus clocha míle forbartha leagtha síos sa dá theanga dár bpáistí óga.’’
Ó mhí Mheán Fómhair 2016, beidh béim ar an snáithe teanga ó bhéal, agus an bhliain dár gcionn beidh béim ar na snáitheanna nua léitheoireachta agus scríbhneoireachta. Faoi mhí Mheán Fómhair 2018 beidh gach snáithe den churaclam nua á múineadh do na páistí ó ranganna na naíonán go Rang a 2.

Tabharfar isteach curaclam nua atá á ullmhú faoi láthair do ranganna 3-6 i mí Mheán Fómhair 2019.
‘’Is leasú suntasach é seo agus tá sé ríthábhachtach go mbeidh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ar fáil do cheannairí scoile agus do mhúinteoirí maidir le feidhmiú an churaclaim nua lena chinntiú go mbaineann ár ndaoine óga an leas is fearr as. Ar mhaithe leis an bhforbairt ghairmiúil seo a chur ar fáil dúnfar na scoileanna ar feadh lá amháin breise gach bliain go ceann 3 bliana. Cé nach n-oirfidh sé seo do roinnt tuismitheoirí, buntáiste an-mhór a bheidh ann i neadú an churaclaim nua. Tá rath aon athrú curaclaim ag brath ar mhúinteoirí díograiseacha atá gafa leis an gcuraclam seo. Tá sé tábhachtach go bhfaighidh siad an Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach atá riachtanach leis an gcuraclam seo a chur i láthair ár bpáistí óga.’’