Méid an Téacs

Cúrsa Gaeltachta do mhúinteoirí i dTír Chonaill

Iúil 27, 2011

Beidh Cúrsa Gaeltachta á reáchtáil ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge  in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair ón 7  – 13 Lúnasa 2011.

Tá an cúrsa seo á thairiscint againn do mhúinteoirí Gaeilge a bhfuil líofacht acu cheana ach a bhfuil ceisteanna acu fós ó thaobh cruinnis de ar mhaith leo díriú isteach orthu.

Beidh béim ar leith ar labhairt na Gaeilge ach cuirfear béim chomh maith ar chúrsaí gramadaí agus ar shaibhriú foclóra.

Beidh ceardlanna breise ann ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an dá churaclam, thuaidh agus theas, agus beidh siad seo in oiriúint do gach aon mhúinteoir Gaeilge.

Is deis iontach an cúrsa seo do mhúinteoirí iad féin a thumadh sa teanga sa Ghaeltacht i measc múinteoirí eile.

Mar aon leis na ranganna eagrófar ceardlanna agus imeachtaí breise a thabharfaidh blas ar áilleacht agus ar shaibhreas cultúrtha Ghaoth Dobhair.

Is do bhaill chláraithe Chomhar na Múinteoirí Gaeilge amháin an cúrsa seo agus gearrfar táille speisialta de €200 / £175 as freastal ar an gcúrsa.

Clúdaíonn an táille seo na ranganna, imeachtaí, bia agus lóistín.

Is faoi rannpháirtithe an chúrsa é a slí féin a dhéanamh go hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, i nGaoth Dobhair, agus aon chostas  taistil a chlúdach iad féin.

Má tá spéis agat freastal ar an gcúrsa déan teagmháil le Saffron Rosenstock  ar  (01) 639 8448 nó  saffron@cnmg.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com 26 Iúil 2011