Méid an Téacs

Dátheangachas riachtanach sa gheilleagar domhanda reatha

Meán Fómhair 29, 2010

Bronnadh Séala Eorpach Teanga ar aon tionscadal déag atá tar éis ardchaighdeán a bhaint amach i múineadh agus i bhfoghlaim teangacha in Éirinn ag searmanas ceiliúrtha a reáchtáladh in Ollscoil na hÉireann Mhaigh Nuad Dé Luain, 27 Meán Fómhair.

Ar na tionscadail ar éirigh leo sa chomórtas bliantúil, bhí  ClubLeabhar.com, club leabhar ar líne a seoladh i Mí Feabhra na bliana seo.

Anuas air sin, aithníodh na héachtaí atá bainte amach ag Bunachar Logainmneacha na hÉireann agus an suíomh Gréasáin, www.logainm.ie  atá forbartha ag Fiontar, DCU i gcomhpháirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.

Tugadh aitheantas do dhaoine aonair chomh maith a bhfuil mór-éachtaí bainte amach acu i gcur chun cinn na foghlama teanga.

Tugadh an onóir sin d’Art Ó Suilleabháin atá ina stiúrthóir ar Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Aithníodh an obair atá bainte amach aige ar son na Gaeilge le 25 bliain anuas agus na hacmhainní múinte atá forbartha aige le linn na tréimhse sin.

Aithníodh freisin Neasa Ní Dhomhnaill, múinteoir atá ag obair i meánscoil lán-Ghaeilge agus atá tar éis an Béarla, an Ghaeilge, an Fhraincis, an Iodáilis agus an Laidin a chur chun cinn go héifeachtach i measc dhaltaí an Ghaecholáiste, Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maighir, Contae Chorcaí.

Ag labhairt dó ag an ócáid,  dúirt an tOllamh Tom Collins go gceaptar anois go bhfuil croílár an gheilleagair dhomhanda bogtha ar aghaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ón Eoraip.

Dúirt sé go mbeidh ar mhuintir na hÉireann mar sin, féachaint i dtreo teangacha eile agus “tabhairt faoi fhoghlaim teangacha ar shlí níos dícheallaí as seo amach agus a bheith sásta dul i ngleic leis na dúshláin atá ag gabháil leis.”

Tá searmanas bronnta an tSéala Eorpaigh Teanga ar an bhfód ó bhí 1998 ann agus bíonn ócáid chomhchosúil leis á reáchtáil i 20 tír Eorpach eile ag an am céanna.

Is í an Ghníomhaireacht náisiúnta neamhbhrabúis, Léargas atá freagrach as an ócáid a reáchtáil gach aon bhliain.

©Gaelport.com 29 Meán Fómhair, 2010