Méid an Téacs

Deireadh i ndán do 14 eagraíocht

Samhain 20, 2013

Tá Foras na Gaeilge ag cur deireadh le 14 eagraíocht Ghaeilge – agus ag cur sé ‘cheann-eagraíocht’ ar bun

Tá an próiseas faoi lánseol agus tá a fhios ag na heagraíochtaí éagsúla cheana cé acu ar bhain siad an gearrliosta amach nó nár bhain.
Níor léirigh an Foras cé hiad na heagraíochtaí sin “de ghrá na rúndachta agus iontaofacht an phróisis” ach tuigtear gur léirigh 15 eagraíocht spéis sa phróiseas go dtí seo.
Beidh ar na heagraíochtaí eile aighneacht a ullmhú anois agus beidh ar cheannasaí agus ar chathaoirleach na heagraíochta tabhairt faoi agallamh.
Ach tá trí cinn acu slán nach mór ag an phointe seo – Oireachtas na Gaeilge, Coláiste na bhFiann agus Glór na nGael.
Ceaptar go mbeidh trí cinn eile de 19 – Raidió na Life, Raidió Fáilte agus an tÁisaoinad i gColáiste Mhuire Bhéal Feirste, slán le maoiniú ó chistí éagsúla de chuid an Fhorais. Agus tuigtear go bhfuil cainteanna ar bun idir grúpaí áirithe maidir le comhoibriú agus go ndéanfaidh siad comh-iarratas sa chéad chuid eile den phróiseas.
Comórtas
Ach tá Conradh na Gaeilge, an Chomhdháil Náisiúnta agus Pobal sa ghrúpa céanna i gcomórtas do scéim ‘Ardú Feasachta’ – ‘grúpa an bháis’ mar a bhaist foireann Chormaic ag a Cúig air. Bealach amháin nó bealach eile, tiocfaidh deireadh le dhá cheann de na heagraíochtaí sin, mar a bhí siad go dtí seo cibé ar bith.
Is balleagraíocht den Chomhdháil é an Conradh agus tá rún le cur ag an Chonradh os comhair chruinniú na Comhdhála ag iarraidh nach rachadh an Chomhdháil ar aghaidh sa phróiseas ach b’ionann sin agus bás éifeachtach don Chomhdháil.
Beidh Foras na Gaeilge ag fógairt thorthaí an phróisis i ndiaidh a chruinnithe ar an 17 Eanáir 2014.

Irish Independent, Seachtain – Ciarán Dunbar