Méid an Téacs

Deireadh ré don nuachtán Foinse

Meán Fómhair 11, 2013

Tá fógartha ag Móinéar Teo. go bhfuil deireadh curtha leis an leagan clóite den nuachtán seachtainiúil agus nach mbeidh Foinse ar fáil ar sheilfeanna do shiopa áitiúil ag deireadh na míosa mar a bhí beartaithe go dtí seo.

Bunaíodh Foinse i 1996, agus cuireadh nuachtáin náisiúnta Gaeilge ar fáil go seachtainiúil go dtí samhradh 2009 le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Nuair a theip ar an maoiniú seo, rinneadh athsheoladh ar Foinse i fómhair na bliana 2009, le leagan amach úr agus modh seachadta nua agus é ar fáil mar fhorlíonadh san Irish Independent.

Go dtí le déanaí, cuireadh an nuachtán ar fáil gach Céadaoin, agus bhí an-tóir air, go háirithe i measc scoileanna na tíre agus i measc fhoghlaimeoirí na teanga.

Sa bhreis ar an nuachtán seachtainiúil, tá roinnt mhaith tionscadal eile ar líne curtha ar bun ag Móinéar Teo. le blianta beaga anuas, ina measc suíomh eolais www.foinse ie agus blag gramadaí. Le blianta beaga anuas, tá curtha go mór ag foireann Foinse le húsáid na Gaeilge sna meáin shóisialta agus iad an-ghníomhach ar Facebook, YouTube agus Twitter.

Cé nach mbeidh leagan clóite den nuachtán ar fáil a thuilleadh, beidh ábhar oideachasúil, a bhaineann le Foinse Óg agus Foinse sa Rang, fós le fáil ar www.foinse.ie.

Ag tús na bliana seo, d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh cinneadh glactha acu chun deireadh a chur le conradh an nuachtáin seachtainiúil ‘Gaelscéal’ roimh dheireadh oifigiúil thréimhse an chonartha.

Is í an chúis a thug Foras na Gaeilge leis an ngearradh seo ag an am ná nach raibh ag éirí leis nuachtán ó thaobh díolacháin de. Tugadh figiúr de 1,300/1,400 cóip in aghaidh na seachtaine mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí.

I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo, cuireadh in iúl go “Léiríonn cinneadh bhord Fhoras na Gaeilge, agus na cúiseanna a bhain leis, nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”.

Fágtar anois nach bhfuil aon nuachtán clóite Gaeilge ar fáil chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge. Chuaigh Foras na Gaeilge i mbun taighde san earrach, agus reáchtáladh cruinnithe poiblí agus sraith d’fhócas grúpaí agus é i gceist go reáchtálfaí scéim úr go luath chun foilseachán úr a chur ar fáil in áit Gaelscéal. Níl aon toradh ar an taighde seo foilsithe go fóill.

Foilsithe ar Gaelport.com