Méid an Téacs

Deiseanna fostaíochta san AE

Feabhra 6, 2014

Ag seimineár do scoileanna dara leibhéil an tseachtain seo caite tugadh le fios go bhféadfaí 200 post a chruthú san Aontas Eorpach ach deireadh a chur leis an maolú atá ar stádas na Gaeilge san AE.

Bhí an seimineár, a bhí ar siúl in Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, ag díriú ar dheiseanna fostaíochta leis an AE do chainteoirí Gaeilge. In ainneoin gur aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ar 1 Eanáir 2007, cuireadh maolú ar an stádas sin ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí 2012, agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, ionas nach mbeadh gá na cáipéisí ar fad a aistrítear go gach teanga oifigiúla eile, a aistriú go Gaeilge. Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan. Is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá na poist nua le cruthú agus má tá siad chun dul i mbun feachtas earcaíochta chun na poist sin a líonadh.

www.advertiser.ie