Méid an Téacs

Díomá do Ghaelscoil Choin Rí Uladh

Meán Fómhair 3, 2010

Ach trí Ghaelscoil nua-aitheanta oscailte ó thuaidh an tseachtain seo.

Fuarthas amach an tseachtain seo nach mbeidh Gaelscoil Choin Rí Uladh sa Bhaile Mheánach in Aontroim, ceann de na Gaelscoileanna nua a fuair aitheantas ó thuaidh le déanaí, ag oscailt go dtí 2011.

Rinne coiste na dtuistí cinneadh gan dul ar aghaidh le hoscailt na scoile go dtí an bhliain seo chugainn mar gheall ar easpa daltaí agus easpa maoinithe dá réir.
Deir urlabhra ón gcoiste go bhfuil fíordhíomá orthu mar gheall air seo agus ghabh siad buíochas le tuismitheoirí agus le gach duine a bhí bainteach leis na hiarrachtaí chun an scoil a oscailt i 2010.

Deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Seán Ó Coinn, go dtabharfaidh an cinneadh seo deis do choiste na dtuistí díriú ar an naíscoil a fhorbairt níos mó ionas go mbeidh a ndóthain daltaí ann le freastal ar an nGaelscoil i 2011.
Deir sé freisin go bhfuil cuid de na tuismitheoirí chun a bpáistí a chur chuig an Ghaelscoil i Machaire Fíolta i nDoire, agus ansin iad a aistriú go dtí an Ghaelscoil sa Bhaile Mheánach, nuair a osclaíonn sé i 2011.

Cé nach mbeidh an scoil seo ag oscailt i mbliana, d’oscail Gaelscoil Léim an Mhadaidh i gContae Dhoire agus Bunscoil na mBeann i gContae an Dúin a ndoirse den chéad uair Dé Céadaoin, in ainneoin nach mbeidh maoiniú ar fáil acu ón Roinn Oideachais. Cosúil leis an nGaelscoil i gContae Aontroma, níl a ndóthain daltaí acu chun an maoiniú a fháil go fóill, ach mar sin féin tá siad sásta leanacht ar aghaidh agus a ndícheall a dhéanamh gan maoiniú oifigiúil.

Deir Seán Ó Coinn, Promhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaiochta, gur dócha go bhfuil bunú na nGaelscoileanna seo i gCill Chaoil agus i Léim an Mhadaidh ar an “fhorbairt is suntasaí i stair na Gaeilge sna ceantair sin”. Deir sé go bhfuil an Ghaelscolaíocht mar chuid riachtanach de phobail Ghaeilge. “Is céim stairiúil é seo do Leim an Mhadaidh agus do Chill Chaoil, céim ó bheith ag tacú leis an nGaeilge go bheith ag úsáid na Gaeilge,” ar sé.

D’oscail aonad Gaelscolaíochta i meánscoil i dTír Eoghain an tseachtain seo freisin do dhaltaí i mbliain a hocht, dul chun cinn suntasach don cheantar.
Tá Gaelscoil an tSeanchaí i nDoire ar oscailt arís, agus beidh maoiniú ón Roinn á fháil acu mar go bhfuil an líon cuí daltaí acu. Seo an dara bliain don Ghaelscoil seo a bheith ar siúl, ach an chéad bhliain dóibh aitheantas a bhaint amach. Is cúis mhisnigh é seo do na Gaelscoileanna eile, a bheidh ag súil le tuilleadh daltaí a fháil an bhliain seo chugainn.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
03 Meán Fómhair 2010