Méid an Téacs

Diúltaíonn an Roinn aitheantas a thabhairt do Ghaelscoileanna nua

Bealtaine 5, 2010

Tháinig fás  agus forbairt ar earnáil na Gaelscolaíochta in Éirinn le scór bliain anuas ach anois tá eagrais Ghaeilge buartha go bhfuil An Roinn Oideachais ag cur laincise ar fhorás na hearnála amach anseo.

Is ceist í seo a d’ardaigh Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge nuair a labhair sé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge coicís ó shin i gCathair Luimnigh. Is é cás na Gaelscoile nua i Ráth Tó i gCo. na Mí a spreag cuid mhaith den chaint seo.  Dhiúltaigh an Roinn aitheantas oifigiúil a thabhairt don scoil i mbliana. Tá fógartha ag cúig eagraíocht Ghaeilge go bhfuil tús curtha le feachtas nua dar teideal ‘Aitheantas’ lena chinntiú go n-aithneofar Gaelscoil Ráth Tó agus  go n-úsáidfidh an Roinn Oideachas agus Eolaíochta soláthar an ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua.

Dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do ghaelscoileanna nua i mbliana ar an mbonn nach raibh na scoileanna ag sásamh critéir nua de chuid na Roinne maidir le córais phleanála.  D’fháiltigh Cathaoirleach an Choiste Bunaithe, Seán Ó Buachalla, roimh an tacaíocht agus luaigh sé go mbeidh an Coiste áitiúil ag obair go dian chun airgead a thiomsú don scoil a bhunófar i Mí Mheán Fómhair gan aitheantas. Táimid dóchasach a deir Ó Buachalla. Labhraíomar cheana le bunaitheoirí na Gaelscoileanna eile a raibh fadhbanna mar sin acu. D’éirigh leo sa deireadh stádas a bhaint amach agus táimid dóchasach go n-éireoidh leis an gcoiste an t-aitheantas céanna a bhaint amach go luath.

Foinse
5 Bealtaine 2010