Méid an Téacs

Dul chun cinn na Gaelscolaíochta

Meitheamh 13, 2012

Beidh cruinnithe eolais á reáchtáil ag An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo., ag deireadh na míosa seo le gaelscoileanna nua na príomhchathrach a phlé.

Tionólfar cruinniú sa Chéim, Baile Átha Cliath 18, agus Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, le gach eolas a chur ar fáil do mhuintir na gceantar sin sula n-osclófar na scoileanna, faoi phátrúnacht An Fhorais Pátrúnachta, i mí Mheán Fómhair 2013.

Beidh an dá ghaelscoil mar chuid den scéim a d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, i mí an Mhárta na bliana seo, inar fógraíodh 16 bhunscoil nua ar fud na tíre sa bhliain 2012-2013, agus ceithre ghaelscoil ina measc.

Maraon leis na gaelscoileanna sa Chéim agus i dTamhlacht a osclóidh an bhliain seo chugainn, bunófar gaelscoil nua i gCnoc na Cathrach, Gaillimh, i 2013 agus osclóidh Gaelscoil Chuilinn i Mulach Eadrad, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 2012.

Léirigh Daonáireamh na bliana 2011 go bhfuil ardú 7.1% ar líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil éileamh an phobail ar ghaelscoileanan áitiúla ag méadú.  Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Fhorais Pátrúnachta go “gcuirfidh na Gaelscoileanna nua go mór leis na ceantair agus go sásóidh siad an t-éileamh láidir atá ann don oideachas lán-Ghaeilge”.

Beidh na cruinnithe poiblí ar siúl ag deireadh mhí an Mheithimh le gach eolas a chur ar fáil do dhaoine áitiúla, tuismitheoirí  agus daoine ar mhian leo cúnamh a thabhairt le linn bhunú na scoileanna.  Beidh deis ag tuismitheoirí a bpáistí a réamhchlárú agus beidh ionadaithe i láthair ón dá eagraíocht, An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo., le ceisteanna a fhreagairt agus buntáiste na gaelscolaíochta a phlé.

Reáchtálfar cruinniú an Céime ar an Máirt, 26 Meitheamh 2012 in Óstán Bewley’s, An Pháirc Láir, Baile na Lobhar, BÁC 18 ag 8.00pm.

Beidh an chéad chruinniú poiblí eile ar siúl ar an gCéadaoin, 27 Meitheamh 2012, sa  Maldron Hotel, Bealach Bhaile an Fhaoitigh (N81), Tamhlacht, BÁC 24 ag 8.00pm ag a bpléifear gaelsocil nua Theach na Giúise/An tSeanbhábhúin.

Tá fáilte roimh chách chuig an dá chruinniú.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Caitríona Bairéad, 01-6294110, caitriona@foras.ie; nó Clare Spáinneach 01- 853 5193; cspainneach@gaelscoileanna.ie.