Méid an Téacs

€3,000 don chomórtas BEO

Meán Fómhair 26, 2013

Beidh €3,000 mar luach saothar ag buaiteoirí BEO, an comórtas nua d’amhrán nuachumtha atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Tá BEO dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois agus fáilteofar roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG, Comhaltas agus eagraíochtaí óige Gaeilge. Caithfidh an t-amhrán a bheith nuachumtha agus i nGaeilge agus caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chanadh beo ag an mbabhta ceannais den chomórtas. Beidh an babhta ceannais ar siúl le linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne 31 Deireadh Fómhair. Beidh ar gach iarrthóir físeán 10 nóiméad a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi chumadh an amhráin. Tá go dtí an Déardaoin 10 Deireadh Fómhair ag grúpaí chun cur isteach ar an gcomórtas.

Tá an t-eolas uilig faoin gcomórtas chomh maith lena rialacha agus foirm iarratais le fáil ar www.beoireland.com

www.advertiser.ie