Méid an Téacs

Éacht Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Feabhra 7, 2013

Tá éacht déanta ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, agus Craobh shinsearach na hÉireann de Chomórtais Díospóireachta Ghael Linn 2013 buaite acu. Is é seo an cúigiú bliain i ndiaidh a chéile don scoil Craobh na hÉireann a bhaint amach i ndíospóireachtaí Ghael Linn.

Thug Fionnuala de Bhailís, Síofra Ní Shé agus Muireann Ní Fhatharta Corn Uí Chadhain leo ag na babhtaí ceannais a bhí ar siúl i gColáiste na Tríonóide an tseachtain seo caite. Anuraidh bhí an lá ag an scoil agus iad ag filleadh ar an gCeathrú Rua mar sheaimpíní sóisearach na hÉireann agus sna trí bhliain roimhe sin is í Scoil Chuimsitheach Chiaráin a thug leo an Chraobh shinsearach. Léiríonn na torthaí seo díograis múinteoirí na scoile chomh maith ar ndóigh le cumas cainte na ndaltaí. Ní nach ionadh cuireadh an-fháilte abhaile roimh an fhoireann agus Máirín Ní Dhomhnaill, an múinteoir a threoraigh an fhoireann ó thús deireadh an comórtas.

Sa bhabhta ceannais fuair siad an ceann is fearr ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Phobalscoil Ghaoth Dobhair, agus Choláiste Eoin, Baile Átha Cliath.
Is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid, agus mhol sé na rannpháirtithe óga as bua na cainte a bheith acu uilig. Bhronn sé buanchorn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile.

http://www.advertiser.ie/galway